Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:25 pm

Mr. Maurice Buckley:

Tá áthas orm teacht anseo inniu chun aitheasc a thabhairt don choiste maidir le cúrsaí cóiríochta Foras na Gaeilge. I dtús báire, ba mhaith liom cur síos gairid a thabhairt ar ról Oifig na nOibreacha Poiblí, OPW. Mar is eol don choiste, tá an OPW freagrach as réimsí leathan feidhmeanna. Baineann croífheidhmeanna an OPW le dhá tosaíocht atá leagtha amach i gclár an Rialtais: bainistíocht riosca tuile, agus bainistíocht na punainne eastáit. Cuireann foireann ghairmiúil agus theicniúil na hoifige cabhair ar fáil maidir le réimse leathan feidhmeanna, ina measc caomhnú fuinnimh, cúrsaí ailtireachta agus bainistiú réadmhaoine. Mar is eol don chomhchoiste, is í an OPW an ghníomhaireacht threorach do bhainistíocht riosca tuile in Éirinn. Tá níos mó na €400 milliún infheistithe ag an OPW i mbeartais bainistíocht riosca tuile chun bailte agus gnóthaí trasna na tíre ar fad a chosaint. Mar chuid den phlean infheistíochta caipitil, tá €430 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas do bhainistíocht riosca tuile, cionroinnt shuntasach chaipitil a chuireann ar chumas an OPW i gcomhar leis na húdaráis áitiúla leanúint leis an gclár bainistíocht riosca tuile.

Cuimsíonn an clár bainistíocht na punainne eastáit bainistíocht, cothabháil agus forbairt punann réadmhaoin an Stáit. Tá réimsí caomhnaithe, slánchoimeádta agus cuir i láthair séadchomhartha náisiúnta agus réadmhaoine stairiúla faoi chúram an Stáit san áireamh anseo. Is dualgas suntasach den chlár seo riachtanais cóiríochta na Ranna lárnach Rialtais a chomhlíonadh. Is í cóiríocht an dara costas riarachán is airde tar éis pá agus pinsin atá ag an Rialtas agus é i mbun seirbhísí a chur ar fáil. Tá tasc dúshlánach tugtha ag an Rialtas don OPW le blianta beag anuas punann eastáit an Stáit a chuíchóiriú chun an costas sin a bhainistiú de réir an éilimh do chóiríocht na Státseirbhíse. Tá úinéireacht réadmhaoin Stáit in Éireann dílsithe do go leor údaráis agus gníomhaireachtaí eagsúla Stáit. Mar thoradh ar seo, is féidir modhanna difriúla agus neamhspleácha a ghlacadh chun réadmhaoin a bhainistiú. Is fiú a rá go bhfuil sí mar bhunsprioc inghnóthaithe ag an OPW an cur chuige seo a athrú chun samhail láraithe a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh punann eastáit an Stáit á bhainistiú ar bhonn comhoibríoch agus seasmhach.

Bhí Foras na Gaeilge lonnaithe i bhfoirgneamh a bhí ar léas ón OPW ag 7 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Tháinig deireadh leis an léas i mí Aibreáin 2015. Tar éis plé idir an dá eagraíocht, cheadaigh an OPW síneadh leis an léas le haghaidh 2015, 2016 agus 2017. Cheadaigh an OPW an léas is déanaí i mbliana. Beidh an fhoras in ann fanacht san fhoirgneamh go dtí mí Aibreáin 2018. Tá forbraíocht suntasach pleanáilte do 7 Cearnóg Mhuirfean agus an talamh teorantach leis. De bharr sin, tá seilbh ghlan den fhoirgneamh ag teastáil i mí Aibreáin na bliana seo chugainn. Thairg feidhmeannaigh ó m'oifig cabhrú leis an bhforas teacht ar fhoirgnimh eile a bheadh in oiriúint don eagraíocht sin. Bhí ionaid i mBaile Bhlainséir agus i nDún Laoghaire san áireamh ach, ar an drochuair, ní raibh siad feiliúnach. Chuir Foras na Gaeilge in iúl dúinn le déanaí go bhfuil sé ag tabhairt socrú chun críche maidir le ceanncheathrú nua in áit eile sa chathair.

Tá sé curtha in iúl agam don Fhoras go bhfuil mé sásta feidhmeannaigh ghairmiúla ón OPW a chur ar fáil má tá siad ag teastáil chun cabhrú lena socruithe cuí a chur i bhfeidhm. Ar ndóigh, táimid ag obair le chéile go maith maidir le troscáin agus rudaí mar sin. Cé nár glacadh leis an tairiscint maidir leis an léas go fóill, tá mé thar a bheith sásta na feidhmeanna a chur ar fáil nuair a iarrtar iad. Cuirfidh mé fáilte roimh ceisteanna, ach glacfaidh mé leo trí Bhéarla.