Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht
5:00 pm
Mr. Seán Ó Coinn:
Is léas 35 bliain é a shínigh Bord na Gaeilge i 1980. Fuair Foras na Gaeilge an léas sin mar uacht nuair a aistríodh feidhmeanna Bhord na Gaeilge go Foras na Gaeilge. Bhí dáta éaga oifigiúil de 30 Aibreán 2015 ar an léas sin ach tá síneadh ama socruithe le Oifig na nOibreacha Poiblí, OOP, go dtí 30 Aibreán 2018. Is é sin an tríú síneadh ar an léas sin ó d'éag sé i 2015. Is le Oifig na nOibreacha Poiblí an foirgneamh. Tá an OOP tar éis tabhairt le fios dúinn nach mbeidh síneadh eile ar fáil ar léas Chearnóg Mhuirfean i ndiadh dheireadh mhí Aibreáin 2018.
Bhí oifig eile ag Foras na Gaeilge ag 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh. Bhí 14 ball foirne san oifig sin. Ba le tiarna talún príobháideach an foirgneamh agus tháinig deireadh ar an léas a bhí ag an OOP leis an tiarna talún sin ag deireadh mhí Bealtaine i mbliana. Aistríodh foireann Shráid Fhreidric Thuaidh go Cearnóg Mhuirfean nuair a tháinig deireadh leis an léas. Tá Foras na Gaeilge ag plé le hOifig na nOibreacha Poiblí agus ag breathnú ar fhéidearachtaí oifige i mBaile Átha Cliath le beagnach 14 bliain anois - ó bhí 2013 ann. Nuair a d'fhógair príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, i 2013 go raibh sé i gceist foirne an dá oifig i mBaile Átha Cliath a thabhairt i gceann a chéile in aon oifig amháin i mBaile Átha Cliath, d'aithin muid nach mbeadh 6 Cearnóg Mhuirfean fóirsteanach mar oifig de bharr leagan amach an fhoirgnimh. Bhí an cinneadh sin bunaithe ar riachtanais a bhain go príomhá le feidhmíocht na heagraíochta. Ceapadh go bhféadfaí cur go mór le héifeachtacht na foirne ar fad i mBaile Átha Cliath, le hobair na foirne, agus le rannpháirtíocht na foirne iomláine in obair na heagraíochta dá mbeadh an fhoireann ar fad lonnaithe in aon oifig amháin. De réir sin-----