Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Preserving Ireland's Natural Heritage: Discussion

2:15 pm

Mr. Liam Ó Cuinneagáin:

Tá sé ar siúl, go maith. An rud is tábhachtaí ná go raibh muid ag úsáid an tionscnaimh mar shlí le meon na ndaoine a athrú agus a dhéanamh dearfach ó thaobh na Gaeilge de. Ba sin an bunphrionsabal síceolaíoch. Tá sé tar éis athrú isteach i rud níos leithne. An rud atá faighte amach againn thar na blianta ná go bhfuil an timpeallacht cultúrtha, an timpeallacht oidhreachta agus an timpeallacht nadúrtha fite fuaite le chéile agus go dtig linne, mar eagraíocht, tógáil ar an saibhreas sin agus cur leis sa tslí gur féidir an ceantar in iardheisceart Dhún na nGall, agus sna háiteanna ina bhfuilimid gníomhach - na Cruacha Gorma agus Oileáin Thoraigh - buntaiste a fháil as.

Is ceantar álainn é. Tá doiciméid ag an choiste ach is ceantar ar leith é, cé gur deirim é seo mé féin. Is ceantar ar leith é Gleann Cholm Cille sa mhéid go bhfuil clú agus cáil air ó thaobh a chuid seandálaíochta de. Tháinig Dylan Thomas agus ealaíontóirí cáiliúla ansin. Bhí Fr. McDyer ansin sna 1950í agus 1960í ag forbairt agus ag baint úsáid as an chultúr chomh mhaith ina chuid oibre agus ina shaothair. Meallann tírdhreach an cheantair, ina bhfuil Sliabh Liag, na mílte duine, ach go háirithe anois le Slí an Atlantaigh Fhiáin agus mar sin de. Déanann sin grúpaí leithéid í Oideas Gael níos tábhachtaí fós de bharr gur féidir le hollturasóireacht scrios a dhéanamh ar an oidhreacht teanga agus ar an timpeallacht.

Tá orainn iarracht a dhéanamh, i gcomhar le Fáilte Ireland, an Comhairle Oidhreachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí nach iad, forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bheas ag déanamh neodrú ar an chumhacht uafásach laidir a bhíonn ag turasóireacht ollchultúrtha. Déanann muid sin é seo i slí a bhíonn, ar bhealach, an-simplí. Cuirimid le chéile cúrsaí agus imeachtaí atá faoi stiúir daoine proifisiúnta aitheanta, atá i mbéal an phobail agus a bhfuil fios a ngnó acú. Díolann muid iad amuigh ar an phobal domhanda - ní i nDún na nGall, ní i nDún na nGall agus Doire, ach ó Seattle go Singapore i ndairíre. Fuair muid fiosrúchán inné ó chailín sa Chóiré Theas - ní an Chóiré Thuaidh, ach an Chóiré Theas. Tá daoine ag teacht chugainn. Meallann an cultúr agus an oidhreacht daoine ar fud an domhan. Is mór an tairbhe é sin d'eacnamaíocht an cheantair.

Is sampla an-mhaith de na cúrsaí atá ar fáil ná an cúrsa seandálaíochta. Tá 5,000 bliain d'iarsmaí seandálaíochta in iardheisceart Dhún na nGall. Fuair an tAthair McDyer an tOllamh Michael Herity, a bhí mar ollamh i UCD, isteach le bheith mar cheannasaí ar an scoil seandálaíochta sin. Chaill muid an tOllamh Herity anuraidh, is trua liom a rá, ach anois tá Dr. Brian Lacey i gceannas ar an scoil sin. Tá sé sin ag leanúint ar aghaidh agus tá suas le 30 duine cláraithe i mbliana. Tá cúrsaí eile againn. An tseachtain seo, mar shampla, tá cúrsaí timpeallachta agus cultúir ar siúl againn. Tá 30 duine, múinteoirí bunscoile ina measc, amuigh ar na sléibhte ag foghlaim faoin trá, faoin bportach, faoin nádúr, faoi na héanlaithe agus faoi tógáil na seantithe sa cheantar. Tá sin ar siúl.

Tá cúrsa fíodóireachta ar siúl an tseachtain seo. Tá an ceantar ceangailte isteach le traidisiúin na fíodóireachta le cúpla céad bliain. Tá daoine ag teacht chugainn ag déanamh fíodóireachta agus dathú nadúrtha. Tá an cúrsa seo bunaithe ar chúrsa a bhunaigh muid le maoiniú ón EU - ón Horizon programme. Bhí taipéis bunaithe ar an Horizon programme againn. Bhí cúrsa eile againn, mar shampla, ceangailte leis an Integra programme ag tógáil fallaí cloiche. Bhí deireadh seachtaine náisiúnta um tógáil cloiche i nGleann Cholm Cille ag an deireadh seachtaine.

An teachtaireacht atá agamsa inniu ná go gcaithfidh muid úsáid a bhaint as ár gcuid saibhris cultúrtha imshaoil nadúrtha ar bhealach cruthaitheach agus go rachaidh sin i bhfeidhm ar an phobal áitiúil agus ar Éireannaigh go ginearálta. An dara teachtaireacht atá agam ná go dtig linn buntaistí eacnamaíochta a bhaint as sa dóigh nach féidir leo a rá níos mó, what good is Irish and what good are the old stones. Tá luach leo.