Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Preserving Ireland's Natural Heritage: Discussion

2:15 pm

Mr. Liam Ó Cuinneagáin:

Tá Bernardín Nic Giolla Phádraig agus mé féin anseo as Dún na nGall ar son an eagraíocht Oideas Gael. Tá Bernardín lonnaithe i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. Tá an fiontar atá ar siúl acu i gCluain Dolcáin ceangailte leis na fiontraíochtaí atá ar siúl againn i nDún na nGall. Tá go leor den obair chéanna á dhéanamh againn. Go bunúsach, is eagraíocht Gaeilge muidne, a bunaíodh sa bhliain 1984. Dr. Seosamh Watson, a bhí mar Ollamh na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus mé féin, mar mhúinteoir ón gceantar, a bhunaigh é. An raison d'être, nó an chúis a bhunaigh muid an eagraíocht seo ná go raibh an Ghaeilge ag sleamhnú uainn sa phobal. Bhí sé mar nós ag daoine "dearcadh na Gaeilge" a lua agus iad ag plé céard is fiú í nó cén mhaitheas í. Cheap siad gur "flogging a dead horse" a bhí i gceist. D'iarr said "what good is the language?" agus rudaí mar sin.

Bhunaigh muid féin na múnlaí inar shíl muid go dtiocfadh linn an teanga a úsáid ar bhealach dearfach - as a positive force - agus go dtiocfadh linn an eacnamaíocht a thógáil timpeall ar an teanga - to build an economy around the language.