Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

6:25 pm

Dr. Harold Hislop:

Tuigimse sin. Níl aon dabht go bhfuil mí-thuiscintí ann. Táimid ag bualadh le múinteoirí agus tá an mhí-thuiscint sin eatarthu. Ní thuigeann siad go mbeidh trí mharc ann. Ní bhfuair cuid mhaith de mhúinteoirí traenáil ar na pointí is bunúsaí den tsraith shóisearach toisc nár fhreastal siad ar an CPD ar feadh beagnach dhá bhliain go leith. D'fhreastal cuid acu ar an gcéad chuid den CPD ach ansin chuir an ASTI bac air agus níor fhreastal siad air. Tá bunphrionsabail ann, ar nós an bhéim atá ar an teanga labhartha, mar shampla, conas a n-oibríonn CBAs agus obair scríofa, agus go bhfuil trí mharc ann in ionad marc amháin. Níl an t-eolas bunúsach sin ag cuid mhaith de na múinteoirí. Tuigeann an JCT, nó an junior cycle for teachers, an t-ualach oibre a bheidh orthu an tuiscint sin a chothú i measc múinteoirí toisc go ndearna an ASTI cinneadh anois teacht isteach sa chóras agus é a chur i bhfeidhm.

Ó thaobh comhairliúcháin de, rinne an NCCA dhá bhabhta de chomharliúchán toisc gur athraíodh an plean ó shiollabas amháin go dhá shiollabas. Bhí dhá sheans ansin bheith páirteach sa chóras comhairliúcháin. Bhí sé ar líne, i bhfoirm scríbhinn, le fáil ag cruinnithe a d'eagraigh an NCCA agus i gcruinnithe a d'eagraigh COGG, muintir a bhaineann le cúrsaí Gaeilge, i gcomhairle leis an NCCA ar mhaithe le múinteoirí chomh maith. Ní raibh gach aon mhúinteoir ar aon intinn ag na comhairliúcháin. Ní bheinn ag súil lena leithéid. Bhí cúrsaí comhairliúcháin ann agus, cinnte, d'athraigh an NCCA agus an Roinn pointí an-mhór dá bharr. Mar shampla, shocraíomar gan siollabas amháin a bheith againn, ach dhá cheann. Shocraíomar ar na CBAs a bheith i mbliain a trí in ionad bliain a dó agus a trí. D'athraigh siad freisin an bhéim ar an liosta litríochta atá ann. Tá i bhfad níos mó le léamh agus-----