Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:05 pm

Dr. Harold Hislop:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Fáiltíonn muidne agus an Roinn roimh an deis seo labhairt leis an gcomhchoiste faoi na sonraíochtaí nua do churaclam na Gaeilge sa tsraith shóisearach agus, go háirithe, ar an measúnú a dhéantar ar chumas labhartha na scoláirí.

Ba léir le fada ón aiseolas, ó thaighde, ó chigireacht agus ó dhaoine eile go raibh gá le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an soláthar curaclaim don Ghaeilge sa tsraith shóisearach. Chruthaigh an t-athbhreithniú sin agus na forbairtí níos ginearálta thart timpeall ar an tsraith shóisearach deis chun tabhairt faoin obair athbhreithnithe sin ar bhonn córasach. Tabharfar isteach dhá shonracht nua churaclaim Gaeilge le haghaidh scoláirí a bheidh ag tosú sa tsraith shóisearach i Meán Fómhair: an Ghaeilge mar T1, nó teanga 1, le haghaidh scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, agus an Ghaeilge mar T2, nó teanga 2, le haghaidh scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Is í seo an chéad uair a bheidh sonraíocht faoi leith ar fáil ag leibhéal na sraithe sóisearaí do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Creideann an Roinn gur forbairt an-tábhachtach ar an soláthar curaclaim don Ghaeilge é dhá shonraíocht a bheith ar fáil don Ghaeilge sa tsraith shóisearach mar go dtugann sé seans níos fearr do scoileanna freastal ar riachtanais foghlama teanga na scoláirí.

Tugtar tús áite d'fhorbairt chumas labhartha na scoláirí sna torthaí foghlama atá leagtha amach sna sonraíochtaí don Ghaeilge. De réir na sonraíochtaí nua, déanfar cumas labhartha na scoláirí a mheas go foirmeálta i slite difriúla. Beidh ar gach dalta tabhairt faoi dhá mhéasúnú rang-bhunaithe. Ciallaíonn sé sin measúnú atá déanta taobh istigh den seomra ranga. I mBéarla, glaoitear classroom-based assessments, CBA, orthu. Beidh dhá cheann le déanamh ag an dalta. Beidh measúnú ar scileanna labhartha mar chuid de na measúnaithe seo. Beidh ceann amháin de na CBAs seo dírithe go hiomlán ar chumas labhartha an dalta. Beidh an cumas labhartha mar chuid den cheann eile. Déanfaidh múinteoirí cumas na scoláirí a mheas sna CBAs i ndiaidh próiseas moderation. Beidh sé sin ar siúl sa scoil.

Chomh maith leis sin, beidh ar gach dalta tabhairt faoi thasc measúnachta. Seo píosa oibre scríofa a chuirfear i gcrích sa scoil arís ach a bheidh marcáilte ag Coimisíun na Scrúduithe Stáit, an SEC. Sa tasc seo, beidh ar an scoláire machnamh a dhéanamh ar an méid a bhí le rá aige nó aici le linn an dara CBA ó bhéal - an CBA sin atá bunaithe go hiomlán ar chumas labhartha na scoláirí. Sa tríú pháirt den mheasúnú, déanfaidh gach dalta scrúdú deiridh scríofa a gceartóidh Coimisiún na Scrúdaithe Stáit é. Luíonn na socruithe seo le dea-chleachtas atá sa chóras anseo cheana féin agus i dtíortha eile. Déanann an cur chuige seo an measúnú a chomhtháthú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Tugann an measúnú rang-bhunaithe an measúnú go dtí suíomh na foghlama féin. Lonnaíonn sé an scoláire i gcroílár an phróisis teagaisc, foghlama agus measúnaithe. Aithnítear go forleathan gurbh í an tseomra ranga an áit is fearr chun scileanna mar scileanna teanga ó bhéal a mheas. Ina theannta sin, léiríonn taighde go mbíonn dea-thionchar ag aiseolas rialta an mhúinteora ar dul chun cinn an scoláire agus, go deimhin, ar ardú chaighdeáin.

Tháinig na sonraíochtaí seo ó phróiseas leathan comhairliúcháin ag céimeanna difriúla ó 2013 ar aghaidh. Tá taighde agus comhairliúchán leathan taobh thiar de na sonraíochtaí curaclaim. Tugadh seans do mhúinteoirí agus do scoláirí, chomh maith le saineolaithe ar chúrsaí teanga agus saineolaithe ar scileanna an mhúinteoireachta, a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin. Bhí baint mhór ag múinteoirí Gaeilge le forbairt na sonraíochtaí. Le linn an chomhairliúcháin, d'fhoilsigh an NCCA dréacht sonraíocht in 2015 agus pléadh é le múinteoirí agus daoine eile. Dúradh go soiléir sa dréacht sonraíocht a foilsíodh sa bhliain 2015 go dtabharfaí faoi mheasúnú ar chumas na scoláirí i labhairt na Gaeilge trí mheasúnú rang-bhunaithe, nó CBAs, in áit an scrúdú béil traidisiúnta a bhí ann. Mar sin, ní gan fógra a tháinig an t-athrú seo isteach. Bhí sé soiléir freisin sa dréacht sonraíocht go ndéanfaí tuairisciú ar chumas labhartha an scoláire ar an teastas, nó an JCPA - an phróifíl a bhronnfar ar scoláirí tar éis dóibh an tsraith shóisearach a chríochnú - rud nach ndéantar faoi láthair. Ba é an chuspóir a bhí leis seo ná tábhacht an mheasúnaithe bhéil agus cumas an scoláire sna scileanna seo a léiriú agus a thuairisciú.

Creideann an Roinn go neartaíonn na socruithe nua measúnaithe béim ar fhorbairt chumas labhartha na scoláirí sa Ghaeilge. Soláthraíonn siad réimse d’imeachtaí measúnaithe in áit bheith ag brath ar scrúdú foirméalta amháin béil. Táthar ag súil go spreagfar scoláirí agus múinteoirí an bhéim a choimeád ar an gcumas labhartha i rith na dtrí bliana de chlár na sraithe sóisearaí.

Chomh maith leis sin, spreagann na socruithe forbairt cumais labhartha an scoláire thar réimse d’eispéiris teanga, mar shampla, plé ar na himeachtaí agus plé ar théacsanna liteartha. Tá sé seo go hiomlán éagsúil ón scrúdú béil traidisiúnta a bhí mar thoradh ar ráiteas a chur de ghlanmheabhair agus a chuir srian ar scileanna fíor-chumarsáide in áit gnáth-chomhrá a chur chun tosaigh.

Faoi na seansocruithe, bhí deis ag níos lú ná 40% de mhic léinn tabhairt faoin scrúdú sin. Anois, leis na socruithe nua, beidh seans ag gach scoláire pé scileanna labhartha atá acu a thaispeáint. Don chéad uair freisin, déanfar cumas labharta an scoláire sa teanga a mheas agus déanfar tuairisciú air go foirméalta ar an JCPA. Léiríonn sé seo go hiomlán an luach a leagtar ar scileanna labhartha agus cumarsáide an scoláire. Don chéad uair riamh freisin, aithneofar sna socruithe measúnaithe leibhéil níos airde chumais a mbítear ag dúil leo ó chainteoirí dúchais agus uathu siúd atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Bronnfar grád cuí dá réir.

Aithníonn an Roinn go bhfuil forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí, nó CPD mar a ghlaotar air go minic, ag teastáil ó mhúinteoirí mar gheall ar na hathruithe atá ag teacht ar theagasc agus ar fhoghlaim agus atá á gcur i bhfeidhm sa tsraith shóisearach. Aithníonn an Roinn freisin go bhfuil forbairt ghairmiúil agus am ag teastáil ó mhúinteoirí chun páirt a ghlacadh i gcomhphlé gairmiúil lena gcomhghleacaithe taobh istigh den scoil. Tá clár cuimsitheach de CPD á chur ar fáil agus tá tacaíochtaí eile á sholáthar chun tacú le cur i bhfeidhm na socruithe nua. Ina measc sin, tá am gairmiúil do mhúinteoirí taobh istigh de lá scoile.

Cuirfimid fáilte roimh cheisteanna an choiste agus déanfaimid ár ndícheall iad a fhreagairt, nó aon eolas nach bhfuil againn inniu a sholáthar tar éis an tseisiúin seo.