Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:10 pm

Ms Máire Clár Nic Mhathúna:

Go bunúsach, is é an rud céanna atá molta. Tá leagan amach difriúil ann agus ní bheidh an oiread oibre le déanamh ag scoileanna T2. Beidh measúnú rang-bhunaithe sna scoileanna T1 agus beidh orthu níos mó léitheoireacht a dhéanamh. Beidh rudaí bunaithe air sin. I scoileanna T2, ní bheidh an oiread céanna réamh-ullmhúcháin le déanamh, cuirim i gcás.