Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:00 pm
Ms Máire Clár Nic Mhathúna:
De réir daonaireamh na bliana 2016, tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí dúchais, ach amháin i bPort Láirge agus i gcathair na Gaillimhe. Teastaíonn gníomh anois. Ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh an saibhreas seo Gaeilge a shábháil agus a chaomhnú. Tá iarrachtaí déanta, mar shampla in Acht na Gaeltachta, 2012, leis an bpleanáil teanga agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur chun cinn agus tá iarrachtaí eile ar bun anois leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Muna bhfuil daoine óga ag labhairt na teanga go laethúil, is beag toradh a bheidh ar na hiarrachtaí seo uilig. Is ag an am seo, agus muid ag iarraidh labhairt na teangan a spreagadh agus a thabhairt le fios do dhaoine óga go bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint leis an teanga labhartha, a socraíodh gan scrúdú cainte a bheith mar chuid den teastas sóisearach níos mó.
De réir staitisticí ón bPríomh-Oifig Staidrimh sa bhliain 2011, dúirt an tríú cuid de dhaoine óga sa Ghaeltacht idir deich mbliana agus naoi mbliana déag d'aois nach raibh Gaeilge acu - sin gan trácht ar na daoine atá ar nós "is cuma liom" fá dtaobh den teanga. Muna bhfuil buntáiste ar bith le baint as labhairt na Gaeilge, cad chuige a d'fhoghlaimeoidís í? Dúradh i dtuarascáil an phríomhchigire a bhain leis na blianta idir 2010 agus 2012 nach raibh an tríú cuid de na múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna líofa go leor lena gcuid teagaisc a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Cé a chuideoidh leis na scoláirí sna scoileanna sin dearcadh dearfach a bheith acu faoin teanga, gan trácht ar a gcuid Gaeilge a fheabhsú, muna bhfuil dóthain Gaeilge ag a gcuid múinteoirí? B'fhéidir go n-imeoidh cuid de na scoláirí sin go dtí na coláistí tríú leibhéal le haghaidh oiliúnt mhúinteora. An mbeidh Gaeilge líofa acu, agus iad tar éis teacht trí chóras nach leagtar béim ar labhairt na teangan ann? Is é sin an todhchaí atá os ár gcomhair nuair a bheidh múinteoirí agus tuismitheoirí den chineál seo againn amach anseo. Muna bhfuil an Ghaeilge acusan, agus léargas ar thábhacht na Gaeilge, ní mhairfidh sí sa Ghaeltacht mar theanga labhartha.
Tá go leor le moladh sa tsonraíocht don teastas sóisearach, ach creidim go mbeidh drochthionchar ag an gcinneadh seo gan scrúdú cainte ar bith a bheith ann.
Cuirfidh sé isteach ar an obair a bheidh ar siúl ag coistí pleanála teanga agus ar na scoileanna a bheidh ag iarraidh an pholasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Caithfimid deiseanna a chur ar fáil do na scoláirí cumarsáid fhírinneach nádúrtha a bheith acu le pobal na scoile, cinnte, ach leis an phobal a bhfuil siad mar pháirt de chomh maith. Is minice ag caint iad, is líofa a bheidh siad. Beatha teanga í a labhairt.
Tá sé i gceist achomharc a dhéanamh i gceann trí bliana. Beidh sé ró-mhall an t-am sin. Creidim gur chóir do scrúdú cainte a bheith mar chuid den scrúdú Gaeilge. Mura bhfuiltear sásta leis sin, cad tuige nach gcoinnítear an scrúdú roghnach mar atá san am atá i láthair? Is é an rud ba mhaith liomsa agus a chreidim go gcuideodh leis an nGaeilge a láidriú ná go mbeadh 50% de na marcanna ag dul don teanga labhartha ag an leibhéal sin i scoileanna ina bhfuil na scoláirí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Ba chóir é a chur ar thriail go bhfeicimid agus achomharc a dhéanamh faoi cheann trí bliana nó mar sin de.
Má tá toradh fiúntach le bheith ar na hiarrachtaí seo uilig an Ghaeilge a chaomhnú, a chothú agus a chur chun cinn, tá mór-ghníomh suntasach cróga ag teastáil anois díreach. An t-am deireanach a rinneadh cinneadh cróga faoin nGaeilge, bunaíodh Gaeltacht na Mí in 1935. Ba mhaith an cinneadh é sin.