Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 April 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Ms Peigí Uí Chéidigh:

Ba mhaith liom arís buíochas a ghabháil leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an gcoiste ar fad as ucht an cuireadh anseo inniu, leis an Teachta Éamon Ó Cuív, fear ó bhaile s'againne féin agus, go deimhin, leis an Teachta Healy-Rae. Tá sé cosúil linn féin. Ceapann muid go bhfuil muid san mbád mar a chéile agus go bhfuil muid ag treabhadh. Le cúnamh Dé, tá súil againn arís go mbeidh an coiste agus muid i bpáirtnéireacht le chéile le go mbeidh muid in ann na seirbhísí is fearr agus is féidir a chur ar fáil do na daoine atá muid ag freastal orthu. Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste arís as ucht éisteacht linn.