Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 April 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Ms Peigí Uí Chéidigh:

Aontaím go hiomlán leis an gcainteoir anseo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh agus go bhfuil na millúin le fáil. Go deimhin, má tá muid i ndáiríre ag iarraidh go mbeidh na daoine atá ag dul in aois ag fáil cúram sa mbaile, chomh fada agus a theastaíonn uathu, tá airgead ag teastáil. Tá maoiniú mór ag teastáil. Chomh maith agus go bhfuil muid ag iarraidh na milliún, breathnaíonn sé mór ach ní tada é i gcomparáid leis an airgead agus leis na milliúin atá á chaitheamh le daoine a bheith istigh i dtithe altranais nó in ospidéil gan aon fáth. Dá mbeadh an roinnt milliún seo - ní mórán milliún a bheadh i gceist - á thabhairt amach agus á dháileadh amach d'eagraíochtaí cosúil linn féin, bheadh muid breá ábalta. Tá tacaíocht chomh fada leis seo againn, tá áiseanna tógtha anois agus tá seirbhísí ar fáil. Tá ardéileamh orthu agus níos mó éilimh ag teacht orthu. Tá deireadh tagtha leis na mílte beaga a bhí ag teacht. Níl muid agus níl an pobal ag dul ag maireachtáil leis na céadta nó na mílte beaga seo. Ní mhairfimid. Ní mhairfimid mar phobal.

Dá bhrí sin, ta sé tábhachtach dúinn go mbeadh an coiste ag taobhú le heagraíochtaí cosúil linn féin. Mar a dúirt mé, tá muid thar a bheith ábalta in ann cúnamh a dhéanamh don pobal atá ag dul in aois ionas go mbeadh siad compórdach chomh fada is a bheidh siad ar an saol seo. Tá rud mór eile atá muid ag iarraidh a dhéanamh chomh maith leis na seirbhísí seo. Tá muid ag iarraidh go mbeadh ionad barr feabhais tógtha againn thiar i gConamara - ceantar atá thar a bheith mór agus leathan - le go mbeidh muid in ann an cúram is fearr agus is féidir a thabhairt agus go mbeadh teacht ag daoine ó Charna go Bearna ar sheirbhís againn. Mar a dúirt mé níos luaithe, creidim go bhfuil néaltrú ag teacht thar a bheith coitianta mórthimpeall na hÉireann agus ní hamháin sin ach go hidirnáisiúnta. Caithfimid a bheith ag pleanáil. Caithfimid cuimhneamh arís go bhfuil infheistíocht ag teastáil san earnáil sin.