Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 April 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Ms Máire Denvir:

Tagaimse go hiomlán leis an méid a dúirt Mr. O'Mahony. Tá fíor-ghá le go mbeadh airgead seasta, core funding, bunairgead nó cibé ainm is mian linn a thabhairt air i nGaeilge ann. Ní féidir forbairt a dhéanamh gan fios a bheith ag duine. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil bunrud ag eagraíocht le leanacht ar aghaidh le. Chomh maith le sin, luaigh an Teachta dhá rud faoi na scéimeanna Tús agus eile. Baineann muide an-chuid úsáid as na scéimeanna difriúla sin. Mar sin féin, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil leanúnachas ann agus go leanfadh na hoibrithe ar aghaidh ó am go ham agus ó bhliain go bliain.

Ceann de na fadhbanna a fheiceann muid agus atá pléite againn ná go bhfuil géar-ghá le hoiliúint a chur ar dhaoine. Ceann de na rudaí atá Tearmann Éanna ag déanamh le bliain anuas nó mar sin de ná cúram baile. Téann muid isteach sna bailte agus cuirtear duine isteach sa mbaile chun cúram a dhéanamh don seandhuine. Muna bhfuil oiliúint ag an duine i go leor rudaí, ach go háirid san aire, tá sé an-deacair é a dhéanamh. Táimid á dhéanamh ar bhealaí liopastacha nach bhfuilimid féin sásta leis. Ceapaimse gur chóir do na daoine seo oiliúint cheart agus cúrsa ceart a bheith déanta acu agus taithí oibre a bheith acu sula dtéann siad ag plé leis an seanduine, an duine ag dul amach in aois nó an duine a bhfuil éalann air nó uirthi a theastaíonn cabhair uaidh nó uaithi.

Tá an-chuid páipéarachais ag baint leis an rud seo sa lá atá inniu ann, mar atá a fhios againn ar fad. Tógann sé sin suas an-chuid ama. Má tá ar eagraíocht duine a athrú chuile sé mhí nó bliain de bharr na cúrsaí seo, níl an eagraíocht ag dul áit ar bith mar tá sé ag caitheamh níos mó ama ag múineadh an duine atá ag teacht. An chéad rud eile, tá an duine sin bailithe áit éigin eile. Tá an leanúnachas seo ag teastáil ionas go mbeidh postanna ag leanúint ar aghaidh, bídís i bhfoirm Tús, FÁS nó cibé ainm a bheidh air an bhliain seo chugainn nó an bhliain ina dhiaidh. Tuigeann an coiste céard atá i gceist agam. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an leanúnachas sin ann.

Fad is a bhíonn freastal le déanamh ar an duine a bhfuil an freastal uaidh nó uaithi, ba chóir go mbeidh an oiliúnt faighte ag an duine atá ag déanamh an fhreastail agus go mbeadh aithne ar agus muinín sa duine sin. Go minic, le daoine atá ag dul amach in aois nó amach sna blianta nó le daoine atá faoi mhí-bhuntáiste nó faoi chiorrú coirp nó intinne, an rud is mó atá ag teastáil ná go mbeadh muinín acu sa duine ag tabhairt chúraim. Má tá eagraíocht ag athrú pearsan chuile sheachtain nó chuile mhí i gcaitheamh daoine, ní féidir muinín a bheith ag an duine sa té ag tabhairt chúraim. Is é sin an rud is mó le saothar a thabhairt.

Tagaim go hiomlán leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív. Dá bhféadfaí fiú an dá rud sin a chur i bhfeidhm, chabhródh sé le déanamh cinnte de go bhfaigheann siad oiliúint cheart le déileáil lena gceird. Oiltear daoine i ngach rud, ach do cheann do na rudaí is tábhachtaí, níl aon oiliúint cheart againn sa Stát seo le tabhairt do na daoine seo.

Is é sin ceann de na fáthanna gur tháinig an oiread fadhbanna suas le cúpla bliain, mar nach raibh na daoine oilte i gceart ón tús. Tógadh duine isteach anseo agus ansiúd. Nuair a bhí an taithí acu, chuadar áit éigin eile. Is ceird í seo atá tábhachtach agus a bheidh ag teastáil go mór sa todhchaí. Mar atá a fhios againn, chaill na pobail tuaithe go leor den aoisghrúpa a bheadh ag baile ag tabhairt aire do na daoine ag dul amach in aois. Deirfinn gur tharla sé i gCiarraí chomh maith is a tharla i gConamara, mar a tharla sé ar fud na hÉireann. Chaill muid beagnach glúin iomlán go dtí an imirce. Caithfear an córas atá ann a athrú anois le freastal ar dhaoine. Go minic, go háirid i bpobal tuaithe, níl an freastal ann. Tá bánú aisteach tarlaithe de bharr an lag trá eacnamaíochta a bhí againn. Is seanphort é anois nach bhfuil na daoine in Éirinn. Tá siad san Astráil, i Meiriceá, i gCeanada agus ar fud an domhain. Níl siad thiar i gConamara san áit a mbeidís ag teastáil. Mar sin, caithfimid córas eile a oibriú.