Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 April 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Ms Peigí Uí Chéidigh:

Táimid ag caint arís ar an tríú chuid. Is céatadán an-bheag atá i gceist sna tithe sóisialta. Táimid ag caint ar cheantar thar a bheith mór. Caithfimid breathnú ar an bpictiúir mór. Táimid ag iarraidh i ndáiríre breathnú ar dhaoine atá ag dul in aois. Tuigimid ar fad go bhfuil líon na ndaoine ag dul in aois ag méadú. Beidh méadú mór ar sin idir seo agus 2024. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach dúinne go mbeidh muid in ann pleanáil leis an Státchóras agus go bhfeiceann muid amach romhainn. Mar a luaimid sa ráiteas oscailte, is rud é an néaltrú atá éirithe an-choitianta le tamall. I gConamara faoi láthair, níl aon tseirbhís lae ann do dhaoine a bhfuil néaltrú acu. Is trua é sin mar ní hamháin go bhfuil an duine atá an néaltrú aige nó aici i gcruachás, ach tá an teaghlach ar fad i gcruachás. Caitear go minic cosc a chur ar chuile shórt chun aire agus cúram a dhéanamh don duine a bhfuil néaltrú air nó uirthi mar is cúram 24 uair an chloig atá i gceist. Dá bhrí sin, is rud mór é dúinne faoi láthair go bhfuilimid ag breathnú chun cinn, ag neartú na seirbhísí agus ag breathnú ar an éileamh agus an líon daoine atá ag dul in aois, ionas go mbeimid in ann freastal orthu anois agus níos deireanaí.