Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 April 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Ms Peigí Uí Chéidigh:

Tá. Tá muide fostaithe. Tá an t-ádh linne sa chaoi sin go bhfuil maoiniú againn tríd an gclár seirbhís pobail. Is éard atá ansin ná go bhfuil muide ag fáil maoiniú do bhainisteoir agus ceithre phost lán-aimseartha. I ndáiríre, mar a fheiceann muid ón bhfás agus ón bhforbairt atá déanta againn ó ceadaíodh an maoiniú sin dúinn in 2008, níl a ndóthain ansin ag an nóiméad seo. Tá na seirbhísí á fhorbairt amach. Tá éileamh níos mó tagtha orthu agus dá bhrí sin teastaíonn níos mó acmhainní uainn le go mbeimid in ann an cúram is fearr agus is féidir a chur ar fáil do na daoine agus é sin a chur ar fáil dóibh sa mbaile. Aontaíom go hiomlán leis an gcainteoir le mo thaobh anseo nach bhfuil dabht ach go bhfuil sé tábhachtach go dtosaíonn an Státchóras ag smaoineamh ar airgead a infheistiú i gcúram agus seirbhísí a chur ar fáil sa bpobal, mar ní féidir brath ar an struchtúr atá ann faoi láthair. Tá an struchtúr atá ann thar a bheith lag don méid éilimh atá air.