Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 April 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Ms Peigí Uí Chéidigh:

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh labhairt leo ag ócáid an lae inniu. Tá an t-ábhar atá faoi chaibidil ag an gcoiste, caomhnú pobail tuaithe inmharthana, agus an gá atá le tithíocht shóisialta do dhaoine atá ag dul in aois, fite fuaite le chéile. Teastaíonn pobail tuaithe atá bríomhar agus inmharthana agus taobh istigh de na pobail sin tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí cúram dóibh siúd atá ag dul in aois i dtimpeallacht a chleacht siad agus is mó a bhfuil siad ar a gcompord leis. Is é seo croílár na hoibre atá ar siúl ag Tearmann Éanna agus mar sin tá sé oiriúnach go bhfuil an deis seo curtha ar fáil dúinn. I gcur i láthair an lae inniu ba mhaith liom léargas a thabhairt don choiste ar an obair atá ar siúl ag Tearmann Éanna, an dul chun cinn atá déanta againn thar na blianta, na dúshláin a mbíonn orainn déileáil leo agus na forbairtí ba mhaith linn a fheiceáil ar chúram na n-aosach i gceantar tuaithe Gaeltachta.

Is eagraíocht dheonach pobalbhunaithe í Tearmann Éanna. Táimid ar an bhfód anois le os cionn 20 bliain. Thosaigh Tearmann Éanna amach ag cur tithe ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois i gceantar Ghaeltachta dheisceart Chonamara. Thar na blianta tháinig fás agus forbairt ar an eagraíocht agus de réir a chéile cuireadh leis an réimse seirbhísí riachtanacha a chuirtear ar fáil do phobal an cheantair.

Tá soláthar tithe sóisialta fós mar chuid lárnach de chlár oibre na heagraíochta agus le dhá bhliain anuas tá cistí caipitil ar fiú os cionn €3 mhilliún ceadaithe ag an Stát do Thearmann Éanna chun cur ar ár gcumas líon na dtithe a mhéadú ó 32 go dtí 57 sna blianta beaga seo amach romhainn. Mar eagraíocht, tá muid buíoch as an tacaíocht leanúnach atá á fáil againn ón Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Aitíuil i gcur chun cinn na bhfiontar seo atá dírithe ar an bpobal áitiúil. Nuair a bheas an obair thógála ar fad tugtha chun críche - obair a bhfuil tús curtha léi cheana féin - beidh tithe sóisialta de chuid na heagraíochta lonnaithe i gcúig láthair éagsúla ó cheantar an Chnoic i gCois Fharraige go dtí Eanach Mheáin i mBéal an Daingin.

A lárnaí is atá sé dúinn tithe a chur ar fáil do phobal aosta an cheantair, níl anseo ach cuid den chuntas ar an obair a dhéanann Tearmann Éanna. Tá ionad lae den chéad scoth againn a bhíonn oscailte chúig lá na seachtaine. Bíonn réimse leathan gníomhaíochtaí agus imeachtaí eagraithe san ionad mar aon le réimse leathan seirbhísí á gcur ar fáil d'os cionn 300 duine. Cuirtear seirbhís taistil ar fáil do dhaoine chun freastal ar an ionad lae agus tá nasc láidir agus tacaíocht á gcur ar fáil againn do phobail eile i gceantar dheisceart Chonamara chun cur ar a gcumas seirbhísí ionaid lae a reáchtáil. Le roinnt blianta anuas tá seirbhís béile ar rothaí á cur ar fáil againn agus ionad curadóireachta forbartha a chruthaíonn nasc idir rannpháirtithe Thearmann Éanna agus na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna áitiúla.

Tá an tseirbhís cúraim bhaile ar cheann de na forbairtí is mó, is dúshlánaí agus, go deimhin, is tábhachtaí a bhfuil Tearmann Éanna tar éis tabhairt faoi le roinnt blianta anuas. Tugann an tseirbhís seo, atá á cur ar fáil i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, deis do dhaoine maireachtáil ina mbaile féin seachas a bheith i dtithe altranais nó in ospidéil. I láthair na huaire, tá Tearmann Éanna aitheanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le 700 uair a chloig cúraim sa tseachtain a sholáthar.

Mar is eol dúinn agus don choiste, freastalaíonn seirbhís den chineál seo go minic ar na daoine is leochailí sa bpobal. Tuigeann Tearmann Éanna é seo agus tuigeann muid freisin a thábhachtaí is atá sé go bhfreastalófaí ar dhaoine ina dteanga dhúchais féin. Uaireanta ní thugann an Státchóras, ná go deimhin comhlachtaí príobháideacha a bhíonn i mbun na hoibre seo, aird mar is ceart ar an gcuid sin den chúram agus ní thuigtear a thábhachtaí is atá sé go bhfreastalófaí trí Ghaeilge ar dhaoine atá i suíomh leochaileach. Is í an Ghaeilge a dteanga dúchais agus an teanga is mó a bhfuil siad féin ar a gcompord léi. Mar eagraíocht phobalbhunaithe, agus arb í an Ghaeilge ár dteanga oibre agus cumarsáide, is cuid lárnach dár gcultúr agus dár bhfealsúnacht í an Ghaeilge. Cuidíonn an cur chuige nádúrtha teanga atá in úsáid ag Tearmann Éanna le ceangal, comhthuiscint agus muinín a chruthú idir muid féin agus na daoine a mbíonn muid ag freastal orthu. Tá luach faoi leith air seo nár cheart beag is fiú a dhéanamh dó.

Tá dúshláin ann chomh maith céanna. Mar a luaigh mé níos túisce, is eagraíocht phobalbhunaithe í Tearmann Éanna ar a bhfuil stiúrthóirí a thugann a n-am go deonach ina bhun. Níl aon amhras ach go bhfuil an leibhéal freagrachta a bhaineann leis an gcineál seo oibre thar a bheith tromchúiseach ach tá an t-ádh linn go bhfuil stiúrthóirí againn le taithí agus saineolas i réimsí áirithe a fheiceann luach na hoibre agus atá sásta a gcuid ama a thabhairt go flaithiúil. Creideann Tearmann Éanna gur mó de bhuntáiste leas a bhaint as struchtúir áitiúla chun seirbhísí riachtanacha pobail a chur ar fáil nuair is féidir sin a dhéanamh. Caithfear, mar sin, tacaíochtaí praiticiúla a thabhairt do bhoird stiúrtha a ghlacann na cúramaí seo orthu féin agus iad a chumasú chun an obair seo a thabhairt chun críche. Mar eagraíocht neamhbhrabúis, déantar infheistiú ar aon fharasbarr a bhíonn ag an eagraíocht ar ais i seirbhísí na heagraíochta.

A fheabhas agus a bhíonn aon bhord stiúrtha, táthar ag brath cuid mhaith ar struchtúr bainistíochta agus foirne chun obair na heagraíochta a chur i bhfeidhm go laethúil. An taithí atá faighte ag Tearmann Éanna thar na blianta ná go mbionn an Státchóras go maith ag soláthar maoiniú caipitil chun struchtúir agus tograí a bhunú ach go minic ní amhlaidh an cás áfach ó thaobh cistí reatha de. Tarlaíonn sé go rialta nach gcuirtear ar fáil ach an t-íosmhéid acmhainní a theastaíonn chun seirbhísí a reachtáil. Fágann sin go mbíonn ar Thearmann Éanna dul i muinín foinsí eile chun tacú le hobair na foirne. Cruthaíonn an múnla seo oibre neamhchinnteacht nach gá a bheith ann dá gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil faoi réir conradh seirbhíse. Is ábhar é seo gur chóir aghaidh a thabhairt air, go háirithe i gcomhthéacs ina bhfuil béim ar ardchaighdeán seirbhíse agus ar dhea-chleachtais oibre agus riaracháin, ábhair a n-aontaíonn Tearmann Éanna leo.

Tá cuid mhaith tráchtaireachta á dhéanamh na laethanta seo ar na deacrachtaí ollmhóra atá roimh phobail tuaithe, le bánú daonra agus an tarraingt i dtreo na mbailte móra agus na gcathracha. Tá ceantar Chois Fharraige ar leic an dorais do chathair na Gaillimhe agus cruthaíonn sé sin buntáistí agus míbhuntáistí dá chuid féin. Cé nach bhfuil an bánú tuaithe le brath chomh mór sna ceantair sin is giorra don chathair, ní mar sin atá an staid sna ceantair atá níos faide siar an cósta. Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil tarraingt an aosa óig i dtreo na gcathracha ag méadú go príomha de bharr cúrsaí fostaíochta, cúrsaí pleanála agus infhaighteacht seirbhísí agus freisin de bharr na n-áiseanna a bhíonn lonnaithe iontu. Tá pobail tuaithe ag fulaingt agus an dearcadh ann go bhfuiltear a bhfágáil taobh thiar den fhás agus den fhorbairt atá le brath sna ceantair uirbeacha. Tá cuid mhaith den fhírinne leis an dearcadh sin agus tá sé tábhachtach nach bhfágfaí daoine atá ag dul in aois ar an ngannchuid gan cóiriocht agus seirbhísí a chuireann lena saol agus a dhéanann an saol i bhfad níos éasca dóibh.

Creideann Tearmann Éanna nach bhfuil dóthain infheistíochta á déanamh le ceantair inmharthana tuaithe a fhorbairt agus caithfear a bheith cúramach nach bhfágtar comhdhéanamh na bpobal tuaithe claonta go láidir i dtreo na n-aoisghrúpaí is sine. Tá fís uaillmhianach ag Tearmann Éanna seirbhísí den chéad scoth a chur ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois i nGaeltacht Chonamara theas. Mar atá tugtha le fios inár ráiteas misin, teastaíonn uainn timpeallacht na dea-chomharsanachta a chruthú ina mbeidh sonas, sláinte agus fad saoil ag ár muintir, faoi shó agus faoi chompord, i gciall agus i réasún. Tá an ráiteas misin sin lárnach sna spriocanna ata daingnithe inár bplean straitéiseach deich mbliana agus céimeanna móra glactha i gcomhlíonadh an phleain sin go dáta.

Ní féidir le heagraíochtaí ar nós Thearmann Éanna feidhmiú gan tacaíocht an Stáit. Creideann muid go bhfuil an Stát ag fáil luach thar na bearta ar an infheistíocht a chuireann sé ar fáil do Thearmann Éanna agus d’eagraíochtaí eile cosúil linn. Feidhmíonn muid i spiorad na páirtnéireachta le forais éagsúla an Stáit chun ár gcuid seirbhísí a sholáthar agus a fhorbairt agus tá sé chun ár leasa ar fad go mbeadh eagraíochtaí áitiúla ag déanamh cúraim do riachtanais a bpobail féin. Chuige sin caithfear an infheistíocht cheart a dhéanamh agus níl sé sin ag tarlú faoi láthair. Faoi mar a iarrtar ar eagraíochtaí pobalbhunaithe níos mó seirbhísí a chur ar fáil, caithfear na hacmhainní a chur ar fáil dá réir.

Inár gcás féin feidhmíonn muid i bpobail ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar iontu mar theanga labhartha laethúil agus níos láidre fós i measc an aoisghrúpa a ndéanann muid freastal orthu. Níl aon cheist ach go bhfuil úsáid na Gaeilge faoi bhrú fiú sna pobail Ghaeltachta is láidre agus tá sé fíorthábhachtach nach dtabharfadh an Stát faoi aon chéimeanna, gníomhaíochtaí ná beartais, go díreach nó go hindíreach, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do stádas nó d’úsáid na Gaeilge. Creideann muid gur de bharr easpa tuisceana a tharlaíonn an méid sin go minic. Is fearr an tuiscint a bhíonn ag eagraíochtaí pobail, ar nós Thearmann Éanna, ar an suíomh teangeolaíochta ina bhfuiltear ag feidhmiú ná mar a bhíonn ag eagraíochtaí Stáit agus eagraíochtaí seachtracha go minic.

Is fearr agus is feiliúnaí go mbeadh na heagraíochtaí sin atá in ann seirbhísí a chur ar fáil ar ardchaighdeán agus i dteanga an phobail i mbun soláthar seirbhísí don phobal Gaeltachta nuair is féidir sin a dhéanamh.

Tugann Tearmann Éanna aghaidh ar an todhchaí le dóchas. Tá sé beartaithe againn páirtnéireacht níos láidre a chruthú le heagraíochtaí deonacha eile a fheidhmíonn go háitiúil ionas go ndéanfar freastal iomlán ar gach aoisghrúpa sa bpobal. Ar an mbealach seo, tá súil againn go nglacfaidh na pobail féin níos mó seilbhe ar na forbairtí agus ar na seirbhisí atá de dhíth ar an bpobal. Sna blianta amach romhainn, tá sé i gceist againn na seirbhísí reatha a neartú agus seirbhísí nua a fhorbairt. Ach na hacmhainní a bheith ar fáil dúinn, tá de chuspóir againn cúram níos fearr a dhéanamh de dhaoine atá ag fulaingt le néaltrú, galar atá ag fáil i bhfad níos coitianta agus a mbíonn tionchar mór aige ar shaol clainne.

Tá súil agam gur thug an cur i láthair seo léargas níos fearr don choiste ar an obair atá ar siúl ag Tearmann Éanna agus ag a mhacasamhail d’eagraíochtaí ar fud na tíre. Tá dlite orainn an aire agus an chóir is fearr is féidir linn a chur ar fáil do dhaoine atá ag dul in aois. Tá Tearmann Éanna ag déanamh a chuid féin, obair dhúshlánach ach obair fhiúntach atá thar a bheith tairbheach.