Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Mr. Dónall Ó Braonáin:

Is ceist an-mhór í sin. An freagra ar an gceist sin ná ag deireadh na céime BA, is iondúil go mbítear ag súil go bhfuil caighdeán ar a laghad B2.2 bainte amach ar an gcomhchreat ag céimí sa Gaeilge. Braitheann sé ar an bhfoghlaimeoir agus ar an gcumas teanga atá ag an duine sin. Tá sé an-deacair tomhais chruinn mharthanach a dhéanamh ar cén t-achar a ghlacfadh sé teanga a shealbhú ag an leibhéal ar a bhfuil an Teachta ag caint. Bheifí ag caint ar achar bhlianta.

Le filleadh ar an gceist faoin soláthar, agus arís ar ais, ní maith liom a bheith ag easaontú leis an Teachta, ach caithfidh mé a rá nach bhfuil cothrom na féinne ar fáil san anailís atá aige ar an soláthar atá againn. Tá soláthar leathan trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil, ní hamháin againne san Acadamh ach ag roinnt ranna eile, cur i gcás roinn na Fraincise agus scoil an oideachais. Tá an soláthar sin ar fáil. I gcead don anailís a rinneadh ar an soláthar atá againne, ní cúrsaí teanga amháin ach réimse den teangeolaíocht fheidhmeach agus réimse den léinn cultúrtha atá i gceist.