Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Dr. James Browne:

Beagáinín. Bhí cúpla ceist eile ag an Seanadóir. Bhí ceist ar an gcóras ceapacháin agus tabharfaidh mé seans do Ghearóid Ó Conluain an ceann sin a fhreagairt. Roimhe sin, ba mhaith liom cúpla focal a rá. Ceapaim féin go bhfuil an ollscoil fíor-thábhachtach ar fad do thodhchaí na Gaillimhe agus iarthar na hÉireann. Freastalaíonn an ollscoil ar riachtanais eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an réigiúin ar fad. Táimid ag obair i gcomhpháirt le comhlachtaí agus gnóanna san iarthar, comhlachtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí dúchasacha. Táimid ag cur chun cinn géilleagar an iarthair agus táimid ag iarraidh postanna a chruthú san iarthar. Ceapaim féin go mbraitheann an réigiún go mór ar obair agus infheistíocht na hollscoile. Tá sé fíor-thábhachtach d'ár mic léinn agus alumni go mbeidh an ollscoil láidir, rathúil agus iomaíoch amach anseo.

Gan aon dabht, tá go leor cúramaí agus dulgais ag an ollscoil. I measc na ndualgas sin, tá cur chun cinn na Gaeilge. Mar gheall air sin tá reachtaíocht láidir san ollscoil a thugann stádas agus cosaint speisialta don Ghaeilge. Cuireann an reachtaíocht seo iachall ar an uachtarán ár ndualgais maidir leis an nGaeilge a chomhlíonadh. Níl aon dabht agamsa ach go bhfuil sé sin fíor san ollscoil. Ach caithfidh go mbeidh rogha againn ó thaobh uachtaráin nua de. Caithfidh go mbeidh rogha leathan againn. Ní raibh mé páirteach sa chinneadh seo agus ní raibh mé fiú ag freastal ar an údarás nuair a rinneadh an cinneadh seo, ach ceapaim féin gurb é an chúis gur chuir siad an riachtanas Gaeilge don uachtaránacht ar ceal ná go raibh siad ag iarraidh rogha mór a bheith acu agus, ag an am céanna, ag iarraidh dualgas a chur ar an uachtarán nua ceannaireacht láidir a chur ar fáil don ollscoil ó thaobh na Gaeilge de.