Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Mr. Gearóid Ó Conluain:

Seo rud a chinn an t-údarás a dhéanamh tar éir an-chuid cainte agus an-chuid díospóireachta. Tharla sé sin thar ceithre chruinniú agus thar ceithre mhí. B'in an tréimhse ama a bhí i gceist. Tháinig an chomhairle acadúil ar an tuairim chéanna, agus is í sin fóram na n-ollúna i ndairíre. Tháinig sí ar an tuairim chéanna agus bhí sí i bhfabhar an chinnidh. Mar thoradh ar chinneadh Údarás na hOllscoile, tugadh treoir domsa mar rúnaí na hollscoile reacht nua a ullmhú agus é a chur faoi bhráid na comhairle acadúla agus faoi bhráid an údaráis féin. Tá Údarás na hOllscoile den tuairim go bhfágann an reacht seo an bealach don ollscoil an oiread spéise agus is féidir a spreagadh i gcomórtas na huachtaránachta ag leibhéal réigiúnda, ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal idirnáisiúnta.

Tá sé tábhachtach a thuiscint, tá an dualgas seo ar an ollscoil faoi mhír 18 d'Acht na nOllscoileanna. Agus muid ag breathnú ar an bpróiseas earcaíochta, ní mór dúinn bheith ar an eolas maidir leis an reachtaíocht a bhaineann le ceapacháin den saghas seo. Go hachomair, táimid ag caint ar Acht na nOllscoileanna 1997, Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006, Acht Uí Chuív, agus chomh mhaith leis sin, tá reachtaíocht fostaíochta agus comhionannais atá cuí chomh mhaith. Tá tuilleadh eolais faoin reachtaíocht seo san aighneacht so níl sé i gceist agam dul isteach go mion iontu, ach ba mhaith liom díriú ar cúpla ábhair anois.

Deirtear in Acht 2006 go bhfuil oideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge i measc príomhaidhmeanna na hollscoile agus go bhfuil dualgas reachtúil ar an ollscoil sin a leagan amach i bplean forbartha a ullmhóidh an ollscoil. Tá mé ag caint ar an bplean straitéiseach, rud atá déanta agus tá ceann ar fáil thuas go dtí an bhliain 2020. Nuair a tugadh isteach Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) i 2006, fuarthas réidh ag an am leis an tús áite ar tugadh d'iarrthóirí a bhí líofa sa Ghaeilge i leith gach post. As sin amach bhí an ollscoil in ann ceannairí teagaisc agus taighde a mhealladh as gach cearn den domhan. Le bheith soiléir faoi sin, má amharctar ar phobal na hollscoile ina iomlan, idir scoláirí, nó mic léinn, agus léachtóirí, tagann 20% dóibh ó thíortha iasachta. Tá an-difear idir comhdhéanamh na hollscoile san am atá i láthair agus mar a bhí 20 bliain nó 10 bliain ó shin. Cé nach raibh an Gaeilge riachtanach do phost an mheabhránaí agus uachtarán ionaid, tharla sé gur ceapadh duine a bhfuil Gaeilge líofa aige. Cé gur cuireadh an reacht nua seo i bhfeidhm, mar is eol don choiste, ní hionann sin agus a rá nach bhféadfaí amach anseo duine a cheapadh a bhfuil smior na Gaeilge acu. Tharla sé i gcás phost an mheabhránaí.

Maidir le hÚdaras na hOllscoile, chun an coiste a chur ar an eolas, tá 40 duine air. Tá sé iontach mór mar údarás. Sílim gurb é an ceann is mó sa tír. Déanann sé ionadaíocht do ghrúpaí éagsúla lasmuigh agus laistigh den ollscoil. Ag cruinniú speisialta den údarás i mí na Nollag 2016 bheartaigh sé athrú a dhéanamh ar an riachtanas teanga a bhí luaite le post an uachtaráin, rud a chloínn go híomlán leis an reachtaíocht a bhaineann le hearnáil na n-ollscoileanna agus an reachtaíocht a bhaineann le hearnáil an ardoideachais i gcoitinne. Phléigh an t-údarás dréacht nua den reacht ag cruinniú eile i mí na Nollag agus ghlac comhairle acadúla na hollscoile leis an dréachtreacht sin i mí Feabhra. Ghlac an t-údarás go hoifigiúil leis an reacht nua i mí Feabhra na bliana seo.

Dhearbhaigh Údarás na hOllscoile tiomantas na hollscoile don Ghaeilge agus do chultúr na Gaeilge agus d’athraigh siad an reacht a bhaineann le ról an uachtaráin chun dualgas a chur ar an uachtarán ceannaireacht láidir a léiriú i leith chur chun cinn na Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge. Tá béim iomlán nua ar an reacht seo i gcomparáid leis an reacht a chuaigh roimhe. Chomh maith leis sin beidh dualgas ar an uachtarán dúthracht agus dea-chleachtas pearsanta a léiriú ina chuid ceannasaíochta i leith na gcúraimí sin.

Mar fhocal scoir, más féidir liom seo a rá leis an gcoiste, tá difear mhór idir an reacht mar atá agus an reacht mar a bhí. Sa reacht mar a bhí, bhí an bhéim ar fad ar inniúlacht an uachtaráin i labhairt agus i scríobh na teanga mar dhuine aonair. B'in an bhéim. Bhí an leibhéal inniúlachta sin ard go leor - C1 ar an gcomhchreat Eorpach d'fhoghlaim teangacha. Tá an bhéim athraithe anois go dtí ról an uachtaráin maidir le ceannasaíocht shubstaintiúil a léiriú i gcur chun cinn na Gaeilge thart ar an ollscoil agus fiú dea-thionchar a bheith ag an duine sin taobh amuigh den ollscoil.

Tá an bhéim anois ar an gceannasaíocht seachas ar chumas labhartha an duine aonair. Is é sin an méid atá le rá agam ag an bpointe seo.