Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Dr. James Browne:

Mar a dúirt mé, níl údarás ag an uachtarán ná ag foireann bainistíochta na hollscoile in aon chuid den phróiseas chun uachtarán nua a cheapadh. Titeann sé sin go hiomlán faoi chúram Údarás na hOllscoile faoi Acht 1997. Mar sin, ba mhaith liom an óráid seo - maybe cúig nóiméad de - a roinnt le mo chomhgleacaí, Gearóid Ó Conluain, a labhróidh leis an gcoiste go sonrach faoin uachtarántacht, faoin gcomórtas agus faoin bpróiseas sin.

Níl aon dabht ach go bhfuil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar aistear suntasach. Le deich mbliana anuas, tá fás thar cuimse tar éis teacht ar an ollscoil ó thaobh líon na mac léinn, líon na bhfoirgneamh agus n-ionad taighde, líon na bhfoilseachán, an méid airgid a chaitheamh ar thaighde agus, i ndairíre, ar na bealaí ina gcuirimid oideachas ar fáil do mhic léinn.

Táimid tar éis éirí sna córais rangaithe suas go dtí an 250ú ollscoil is fearr ar domhan. In ainneoin go bhfuil an ollscoil agus an campas athraithe go mór tá na luachanna céanna ann. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na luachanna céanna againn. Leanfaimid orainn ag freastal ar an réigiún agus ar riachtanais ár réigiúin - riachtanais oideachais, riachtanais shóisialta agus riachtanais eacnamaíochta. Táimid fréamhaithe go doimhain i gcultúr agus traidisiúin an iarthair le breis agus 170 bliain. Táimid fíor-bhródúil as an oidhreacht sin.

Tá an ollscoil fréamhaithe sa Ghaeltacht freisin. Bainfimid úsáid as an bpríomhchampas i nGaillimh agus na trí hionad Gaeltachta atá againn - i gCarna, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair - chun freastal ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge, in Éirinn agus ar fud an domhain.

Cuireann an ollscoil réimse leathan de chláir Gaeilge ar fáil, idir chláir fochéime agus chláir iarchéime. Tá modúil Gaeilge ar fáil sna coláistí ar fad san ollscoil agus tá deis ag gach mac léinn dioplóma sa Ghaeilge a dhéanamh, rud atá láraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh príomhionad léann na Gaeilge in Éirinn. Tá a saineolas aitheanta ar fud an domhain. Tá áit ar leith ag an nGaeilge i saol na hollscoile. Tá sé sin cosanta i reachtaíocht na hollscoile. Chomh maith leis sin, tá tábhacht na Gaeilge treisithe ar an mbéim ar chur chun cinn na teanga inár bplean stráitéiseach, "Fís 2020".

San aighneacht a chuir muid faoi bhráid an chomhchoiste, feictear cur síos cuimsitheach ar obair an acadaimh. Le deich mbliana anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an mbealach ina dhéantar teagasc ar an nGaeilge agus ar an mbealach ina dhéantar infheistíocht sa teanga. Mar gheall air sin tá an ollscoil ag athrú na bealaí ina gcuirimid cláir Gaeilge ar fáil, dírithe go háirithe ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar na hathruithe sin, tá líon na mic léinn Gaeilge ag fás arís, chomh maith leis an maoiniú a fhaighimid ó fhoinsí seachtracha.

Táimid ag obair i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile chun freastal ar phobal na Gaeilge sa bhaile agus thar lear. Tá an obair seo le feiceáil i dtionscnaimh ar nós TG4 Foghlaim, foclóir.ie, agus an réimse leathan ceartanna Gaeilge atá faoin ár gcúram. Ba mhaith liom a rá go bhfuilimid thar a bheith sásta leis an obair atá déanta ag Mr. Ó Braonáin agus a fhoireann san acadamh. Táim féin fíor-bhródúil as na héachtaí atá bainte amach ag an bhfoireann sin. Tá an Gaeilge san ollscoil i bhfad níos láidre ná mar a bhí sé de thoradh na hoibre sin.

I gcomhar leis an bpobal Gaeilge san ollscoil agus lasmuigh de, táimid ag obair ar tuilleadh fáis agus feabhas a dhéanamh amach anseo. Ba bhreá linn na pleananna sin a chur os comhair an chomhchoiste seo agus iad a roinnt leis. Idir an dá linn, iarraim anois ar rúnaí na hollscoile, Gearóid Ó Conluain, labhairt leis an gcoiste faoin bpróiseas earcaíochta atá ar bun le huachtarán nua a cheapadh.