Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Dr. James Browne:

Mar is eol don choiste, is mise uachtarán Ollscoile na hÉireann, Gaillimh. Ar dtús, gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dom labhairt leis an gcomhcoiste maidir leis an nGaeilge san ollscoil. Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis an gcoiste as an moill a bhí orainn teacht os a chomhair. Bhí orainn fanacht go dtí go raibh cinneadh déanta ag Údarás na hOllscoile maidir leis na riachtanais teanga don uachtarántacht.

Ba mhaith liom mo chomhghleacaithe a chur in aithne don choiste, Gearóid Ó Conluain, rúnaí na hollscoile, Dónal Ó Braonáin, príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Tomás Ó Síocháin, atá ag obair in oifig an rúnaí agus atá freagrach as an scéim teanga san ollscoil. Faraor, ní raibh Catherine McGuinness, cathaoirleach Údarás na hOllscoile, ar fáil. Ní raibh sí in ann teacht linn inniu. D'iarr sí orm leithscéal a ghabháil ar a son.

Tá aighneacht curtha faoi bhráid an chomhchoiste againn agus is féidir le baill an aighneacht sin a léamh. Tabharfaidh mé roinnt eolais don choiste anois, a léireoidh an comhthéacs maidir le cur chun cinn na Gaeilge san ollscoil. Caithfidh mé a rá ar dtús, níl údarás ag an uachtarán ná ag foireann bainistíochta na hollscoile in aon chuid den phróiseas chun uachtarán nua a ceapadh. Caithfidh an coiste é sin a thuiscint. Titeann sé sin go hiomlán faoi chúram Údarás na hOllscoile.