Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Chun beagán stair a thabhairt dóibh seo, bhí go leor casaoid déanta faoi líon na scéimeanna a bhí a dhaingniú sna blianta a bhí caite. Mar shampla, níor daingníodh ach scéim amháin nó dhá scéim in imeacht aon bhliain amháin. Sílim in 2011 a bhí sé. Bhí go leor casaoid faoi sin. 'Séard a tharla ina dhiaidh sin ná gur cuireadh dlús faoi sin agus tá líon na scéimeanna atá á dhaingniú ag méadú. Ar an meán, bhí scór scéim teanga daingnithe le dhá bhliain anuas. Cibé faoi líon na scéimeanna atá á dhaingniú, an bhuairt atá ormsa ná gurb é caighdeán na scéimeanna atá á dhaingniú an áit a bhfuil an fhadhb. Léiríonn anailís atá déanta againn sa tráchtaireacht seo go dtógfaidh sé os cionn sé bliana breith suas ar na hiarratais sin amháin atá ag seasamh amach ag deireadh 2016 agus sin ag dul leis an luas atá ann faoi láthair.

Maidir leis an cheist sonrach a chuir an Teachta faoin gcumhacht atá ag an Aire é sin a thuairisciú, níl a fhios againn cén tionchar a bheadh aige sin. An mbeadh dea-thionchar nó droch-thionchar? Níor tharla sé riamh. Cén fáth nár tharla sé? Sin ceist nach féidir liomsa a fhreagairt. An rud gur féidir liomsa a dhéanamh ná aird a tharraingt ar na fadhbanna atá ann agus a rá leis an gcoiste nár tharla se sin ariamh, nár tuairisciú é sin ariamh agus go riabh deacrachtaí le daingniú scéimeanna. Mar a luadh, tá go leor ag seasamh amach le blianta fada. Bhí seacht n-iarratas ag seasamh amach le naoi mbliana anuas nó mar sin. Ó cuireadh an tuarascáil seo le chéile, bunaithe ar figiúirí 2016, tá péire den seacht scéim sin daingnithe ó shin. Is iad sin scéimeanna Chomhairle Contae Uíbh Fháilí agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Tá imní orm, áfach. Céard faoin mhoill a bhain leis é sin a dhéanamh? Tá imní orm faoi na gealltanais atá istigh ann freisin. Tabharfaidh mé sampla beag amháin dó sin: Comhairle Contae Uíbh Fháilí. Cuimhnigh cé chomh fada is a thóg sé an scéim teanga sin a dhaingniú ach fós, tar éis na mblianta sin ar fad, tá an comhairle ag rá: "Déanfaimid iniúchadh ar an bhféidearthacht atá ann Oifigeach Gaeilge a earcú chuig Comhairle Chontae Uíbh Fhailí." Tar éis naoi mbliana, tá an chomhairle ag rá go ndéanfaidh sí iniúchadh ar an bhféidearthacht maidir le hoifigeach Gaeilge.