Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo leithscéal nach raibh mé i láthair nuair a bhí an coimisinéir ag cur a rud i láthair mar bhí vótaí thuas staighre againn ag an am céanna ach tá a chuid oibre léite agam. Cuireann an méid a chur sé in ár láthair alltacht agus olc orm. I gcead don gcoimisinéir, sílim i ndáiríre gur cheist pholaitiúil í seo. Tá an coimisinéir agus a oifig ag feidhmiú de réir an dlí atá leagtha amach dóibh ach is léir nach bhfuil an Státchóras ag tacú leis an Acht ó thaobh brí an Achta agus an cineál bunspioraid a bhí taobh thiar de bhunú an Achta. Is léir go dtéann an cheist seo siar go maith. Táimid ag feiceáil comhlachtaí poiblí nach bhfuil scéim daingnithe acu le naoi mbliana agus os a chionn. Is léir gur beag suntais a thugadar sin d'Acht na dTeangacha Oifigiúla fiú chomh fada sin siar. Cuireann sé sin an-olc orm.

Tá na príomhthorthaí agus na moltaí sa tuairisc atá réitithe ag an gcoimisinéir thar a bheith suntasach ó thaobh an 122 iarratas atá fós le daingniú agus an tréimhse suntasach atá ag baint le haontú na scéimeanna. Is léir go bhfuil na comhlachtaí poiblí ag tarraingt na gcos agus is léir nach bhfuil an Roinn, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ag dul i bhfeidhm orthu.

Deir an coimisinéir go mbeadh se ina raic dá dtarlódh a leithéid de rud le Ombudsman na Leanaí, leis an gnáthOmbudsman nó Ombudsman na Fórsaí Cosanta. Bheadh an cheist seo ar phríomhleathanach The Irish Times,the Irish Independentagus a leithéidí. Bheadh raic sa Dáil agus sa Seanad faoi. Mar gheall go bhfuil muid ag plé le cúrsaí Gaeilge, cén fáth nach bhfuil raic faoi? Céard atá an Rialtas ag déanamh faoin gceist seo? Níl a fhios agam an bhfuil aon samplaí ann. Tá a fhios agam nach féidir gach Ombudsman a chur i gcomparáid lena chéile, ach an raibh aon chúlú i gceist ó thaobh dualgais a bhí ar dhaoine maidir le Ombudsman eile ar nós Ombudman na Leanaí agus mar sin de sa stair ó thaobh na hOmbudsmen agus na hoifigigh atá acu?

I gcead don gCathaoirleach, sílim go bhfuil muid i bhfad ró-bhog sa gcoiste seo. Tá olc orm le roinnt míonna anuas nach bhfuil muid ag feiceáil an Taoiseach ag teacht os ár gcomhair agus é an cathaoirleach ar an gcoiste comh-Aireachta atá in ainm is a bheith ag brú na straitéise chun cinn. Ba cheart go mbeadh Cinn Bille den Acht nua Teangacha Oifigiúla le fáil againn. Ba cheart go mbeadh an tAire Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe istigh anseo agus os ár gcomhair le ceisteanna a fhreagairt faoin fáth nach bhfuil na Ranna Stáit agus na comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoin dlí. Ar deireadh thiar thall, seo dlí na tíre atá aontaithe ag Tithe an Oireachtais agus níl siad á chur i bhfeidhm. Dá mbeadh sé sin amhlaidh in aon réimse eile den saol poiblí sa tír seo, bheadh sé ina chogadh dearg.

Tá mé thar a bheith buíoch den gcoimisinéir faoi na sonraí atá curtha os ár gcomhair. Ó thaobh an ghnáthphobail, 'séard atá muid ag súil leis agus 'séard a bhí sna céad scéimeanna - mar a bhí súil againne leis - ná na bunrudaí tosaigh a bheadh i gceist ó thaobh páipéarachais, freagraí ar línte teileafóin, comharthaíocht agus mar sin de. Bhí muid ag súil de réir a chéile go mbeadh gnáthsaoránaigh na tíre in ann dul isteach chuig an gcomhairle contae agus na húdaráis éagsúla ar nós na gailearaithe náisiúnta agus a gcuid Gaeilge a úsáid dá mba mhian leo é gan cheist agus gan choinníoll ach tá muid i bhfad i bhfad ó sin i ndáiríre.

Bheinn ag iarraidh go dtiocfadh na hAirí éagsúla atá ag plé leis seo os ár gcomhair. Sílim gur gcaithfimid an diabhal a thabhairt le n-ithe dóibh i ndáiríre píre. Tá muid i bhfad ró-dheas leo i bhfad ró-fhada. Is léir go bhfuil an Rialtas seo ag ligint do na comhlachtaí poiblí seo an dlí a bhriseadh ar bhonn leanúnach agus nach bhfuil sé ag déanamh tada faoi.