Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 April 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

5:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl amhras orm, agus glacaim go huile is go hiomlán leis, go bhfuil sé i gceist ag an ollscoil an Ghaeilge a chur chun cinn agus a dícheall a dhéanamh chun a chinntiú go ndéanfaidh an chéad uachtarán eile a dhícheall agus mar sin de. Ach an méid sin ráite, níor éist an ollscoil lena shaineolaithe féin maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus buanú na Gaeilge. Níl amhras ach go mbeadh aon duine atá bainteach le gluaiseacht na Gaeilge a bhfuil saineolas aige nó aici ar chur chun cinn na Gaeilge i gcoinne a leithéid de chinneadh. Ní 50-50 atá ann. Tá aon duine atá bainteach agus freagrach as cur chun cinn na Gaeilge fíorbhuartha faoin gcéim seo.

Baineann sé seo ní hamháin leis an siombalachas ach leis na fíricí ar an talamh freisin. Tá sé níos deacra cultúr a chur chun cinn in eagraíocht muna bhfuil sé le feiceáil go soiléir go bhfuil, mar a deirtear sa Bhéarla, skin in the game ag an t-é atá ag an mbarr. Sin an fáth go dtéim ar ais ar an gceist a chur mé ar an bhfinné - tá sé ardaithe ag an gCathaoirleach freisin - maidir le riachtanas agus go mbeadh sé riachtanach go gcuirfeadh duine feabhas ar an Ghaeilge atá aige nó aici agus go ndéanfadh sé nó sí iarracht ar leith.

Tá dhá cheist agam. Luadh an Bhreatain Bheag. Tá na finnéithe ag rá go bhfuil ollscoil láidir dhátheangach sa Bhreatain Bheag agus nach bhfuil sé mar riachtanas go mbeadh an Breatnais mar theanga ag an duine nó go ndéanfadh sé nó sí cúrsa sa Bhreatnais fiú. Tá siad ag brath air sin. Is féidir a rá, áfach, go bhfuil an Breatnais i bhfad níos láidre ná mar atá an Ghaeilge.