Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

5:00 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Sílim go bhfuil an méid atá ráite ag daoine eile fíor go raibh an Ghaeilge thíos leis an easpa comhaontaithe i measc na bpáirtithe uilig sa Rialtas ó Thuaidh, go háirithe ó bunaíodh an cur chuige rialtais seo sa Tuaisceart. Is cinnte agus muidne ag cur comhairle ar Aire a bheidh sa Roinn pobail, cur i gcás, i dtaca leis an nGaeilge de, gur féidir cuid mhór a bhaint amach má tá an tAire sin ag déanamh tosaíocht don Ghaeilge. Nuair a thagann Airí isteach, bíonn tosaíochtaí éagsúla acu bunaithe ar thosaíochtaí a gcuid páirtithe. Is féidir i bhfad níos mó dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na teanga de le hAire a dhéanann tosaíocht den Ghaeilge. Mar sin féin, tá teorainn ann. Mar a chonaic muid fiú amháin nuair a bhí Airí ag déanamh tosaíochta den teanga, tá teorainn leis an méid gur féidir le hAirí den chineál sin a bhaint amach in éagmais comhaontú idir na páirtithe uilig. Ar bhealach, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh comhaontú ann idir na páirtithe uilig i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge agus cosantaí don Ghaeilge ó Thuaidh. Is féidir i bhfad níos mó a bhaint amach nuair atá Aire ag iarraidh tosaíocht a dhéanamh den teanga.