Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

5:00 pm

Ms Janet Muller:

Tá mé ag teacht go mór leis an phointe go bhfuil cosaint reachtaíochta de dhíth i dTuaisceart na hÉireann don Ghaeilge. Tá muidne ag obair air seo le 16 bliain anuas. Tá sé iontach tábhachtach a aithint go bhfuil moltaí éagsúla ar an tábla faoin reachtaíocht agus go bhfuil cuid dóibh nasctha le chéile. B'fhéidir gur imir an obair a rinne muidne tionchar ar díospóireachtaí. Nuair a bhí comhairliúchán rialtasach ann cúpla bliain ó shin, a thosaigh an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíóchta, Carál Ní Chuilín, is cinnte go raibh righin na hoibre a bhí déanta ag Pobal thar na blianta le feiceáil ar na heiseamláir a cuireadh chun tosaigh.

Ta sé iontach tábhachtach ní hamháin reachtaíocht a éileamh ach an reachtaíocht is láidre, atá saineolach, pléite agus a bhfuil tacaíocht an phobail ann dó. Seo na moltaí a d'fhoilsigh muidne ar an gcéad dul síos in 2006. Rinne muid nuashonrú ar na moltaí in 2012. Rinne muid comhairliúchán poiblí leis an chomhphobal. Chomh maith leis sin, ceann de na pointí is tábhachtaí ag an bpointe seo ná go bhfuil díospóireacht sa Tuaisceart a deir nach raibh gealltanas ann dáiríre agus nach raibh sé aontaithe ag na páirtithe polaitiúla ar fad maidir le tabhairt isteach Acht na Gaeilge. In 2006 and 2007, thosaigh an Tionól comhairliúchán oifigiúil ar mholtaí reachtaíochta agus ar eiseamláir de na heiseamláir sin a cuireadh chun tosagih sa phróiseas bhí moltaí Pobal istigh ann. Bhí an reachtaíocht sa Deisceart, reachtaíocht na hAlban, reachtaíocht na Breataine Bige agus eiseamláir Pobal faoi caibidil. Dúradh linn gur thug 98% de na freagraí a fuarthas tacaíocht de eiseimleáir Pobal don Tuaisceart.

Bhí chomhairliúchán eile ann ó shin. In 2013, bhí 96% de na freagróirí ar son na heiseamláir a chur chun tosaigh. Tá sé sin tábhachtach ag an bpointe seo, beidh cur is cúiteamh ann fá cad é ba chóir a bheith san reachtaíocht. Ag an bpointe seo, áfach, agus an Ghaeilge chomh achrannach mar ábhar agus, dáiríre, ag seilbh cuid mhaith den am seicteachas sa Tuaisceart, creideann muidne go láidir go gcaithfear reachtaíocht iontach soiléir agus cuimsitheach a bheith ann. Sin reachtaíocht a bheadh incurtha le cearta reathaithe a chruthú i réimse leathan de sheirbhísí poiblí. Molann muid an obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge ar na mallaibh ar an cheist seo ach creideann muid go gcaithfear reachtaíocht a bheidh iontach soiléir a bheith ann le nach gcruthaíonn sé níos mó frustrachas agus níos mó deacrachtaí.