Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

5:00 pm

Mr. Pól Ó Gallchóir:

Cuirim buíochas roimh an gCathaoirleach as an chuireadh cur i láthair a dhéanamh ar an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann tar éis an Bhreatimeachta. Is údár mór buairimh ag Foras na Gaeilge an Breatimeacht agus tréaslaímid leis an Bhuanchoiste as an cheist seo a phlé.

Mar a chuir muid in iúl inár ráiteas tosaigh, tá Foras na Gaeilge ar cheann de na comhlachtaí forfheidhmithe tras-Teorainn a bunaíodh mar chuid d'fheidhmhiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Baineann ár gcuid cúraimí reachtúla leis an dá dlínse. Tá oifigí againn i mBéal Feirste agus ochtar mball foirne lonnaithe iontu. Ainmnítear ochtar dár gcomhaltaí boird faoi choimirce an Rialtas ó Thuaidh as 16 ina iomlán. Táimid freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas atá comhdhéanta d'Airí Rialtais ón dá dhlínse. Cuireann an Rialtas ó Thuaidh 25% dár maoiniú ar fáil dúinn agus de réir sin cuirfimid sciar mór dár maoiniú ar fáil do dheontaithe sa dlínse ó Thuaidh. Mar sin de, is cinnte go mbeidh impleachtaí móire ag an Bhreatimeacht dár n-obair an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann. Rachaidh an Breatimeacht go mór i bhfeidhm ar ár ndeontaithe agus ar ár bhfostaithe ó Thuaidh agus ó Dheas, de réir sin rachaidh sé go mór i bhfeidhm ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann.

Iarraim ar Sheán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, aitheasc Fhoras na Gaeilge a chur i láthair ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann tar éis an Bhreatimeachta.