Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

4:40 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ag feabhsú. Bhí sé sin ag teastáil uaim. Muna bhfuil aon cheist eile, ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís le Ronán Mac Aoidh, Eilís Ní Ruiséil, Conor Ó Gallchóir, Eibhlín Nic Cormaic, Leah Ní Mhuirgheasa, Mícheál Ó Gríofa, Darragh Lankford, Rachel Lingwood agus Ciara Ní Icí. I ndáiríre, tá éacht déanta acu agus ag a múinteoirí agus a scoileanna. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre taobh thiar den togra seo. Tá na finnéithe tar éis ardú meanman a thabhairt dom i leith na Gaeilge mar theanga bheo, bhríomhar cumarsáide. Níl aon dabht ná go bhfuil an teanga láidir. Bhí mé in ísle bhrí ó thaobh na Gaeilge de le cúpla seachtain anuas, ach tá an buairt sin imithe inniu. Go raibh míle maith agaibh. Sula críochnaíonn mud, iarraim ar Brenda Ní Ghairbhí ó Chonradh na Gaeilge focal nó dhó a rá. Tá fáilte roimpi. Rinne mé dearmad uirthi roimhe seo.