Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

4:10 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir gurb í seo an tríú ceist.

Ó thaobh na ceiste faoi bhrú, rinne Rónán Mac Aoidh tagairt do fhéinmharú agus an brú atá ar dhaoine óga le alcól, scrúduithe agus mar sin. Bhí an pointe ginearálta déanta ag an trí scoil faoin mbulaíocht ar líne. Tá cás i nDún na nGall a bhfuil aithne mhaith agam ar theaghlaigh ann. Maraíodh cúpla duine óg. Bhí bulaíocht ar líne i gColáiste Ghleann na Finne. Tharla cúpla eachtra ansin. Tá brú ar dhaoine óga. Tá sé spéisiúil go bhfuil na finnéithe ag ardú sin inniu. Tugadh moladh faoi fhóin póca agus daoine faoi 16. Tá moladh amuigh ansin i measc an phobail gur chóir gan fón póca a thabhairt do dhuine faoi 16. Tá 60% den surfáil ar líne in Éirinn déanta ar fhóin póca. Ciallaíonn sé sin go bhfuil daoine faoi 16 ag baint go leor úsáid as na fóin sin fosta. An fiú é sin a chur i bhfeidhm mar pholaiteoirí, an smaoineamh sin a chur i bhfeidhm agus bac a chur ar pháistí faoi 16 úsáid a bhaint as fóin póca? An gcuirfeadh sé sin isteach ar na finnéithe?