Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

4:10 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas le daltaí na scoileanna atá anseo. Seo deis iontach dóibh a bheith páirteach sa chomhrá linne mar Theachtaí agus Seanadóirí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Tá na tuairimí atá siad ag nochtú fíorspéisiúil agus tábhachtach. Chomh maith leis sin, seo deis dóibh, thar ceann dhaltaí óga na tíre, a dtuairimí a chur i bhfeidhm orainn. Tá lúcháir orm go bhfuil an Cathaoirleach ag tabhairt an deis dúinn an díospóireacht seo a bheith againn inniu.

Tá lúcháir orm go bhfuil daltaí ó m'iarscoil anseo. Ag éisteacht leis na cuir i láthair, bhí pointí fíorshuimiúla ann. Bhí trí ábhar ann agus cuid acu conspóideach. Tá ceist an fhéinmharaithe agus ceist an ochtú leasú ar an mBunreacht conspóideach go maith agus b'fhéidir go bhfuil sé thar am déileáil leis an ochtú leasú. Labhair Ms Eilís Ní Ruiséil go hiontach ar ábhar coigilte. Dúirt sí go gcaithfidh polaiteoirí a n-intinn a dhéanamh suas go coinsiasach. Sin freagra na ceiste i ndáiribh. Caithfimid é sin a dhéanamh. Caithfimid machnamh a dhéanamh ar an dá thaobh, éisteach le hachan dhuine agus ár gcoinsias a úsáid sna Tithe anseo. Maith thú, Eilís. Aontaím léi ar an phointe sin.

Scoileanna ó na réigiúin - an deisceart, an tuaisceart agus cheantair na Gaillimhe - atá anseo i ndáirirbh. Tá na ceantair buailte go huile is go hiomlán go dona le cúrsaí dífhostaíochta, go háirithe Dún na nGall agus iarthar Chorcaí. Bhí Dún na nGall buailte go huile is go hiomlán ó thaobh chúrsaí fostaíochta. Mar a dúirt Mr. Conor Ó Gallchóir, tá sé sin ag cruthú deacrachtaí i gceantair tuaithe le daoine a choinneáil agus, de réir fhigiúirí an daonáirimh, tá daoine ag imeacht. Ceist é atá ceangailte le cúrsaí oideachais chomh maith le cúrsaí fostaíochta.

Beidh ar dhaltaí atá ag déanamh na hardteiste cinneadh a dhéanamh dul ar aghaidh agus post a fháil nó oideachas tríú leibhéal a fháil. An bhfuil an t-ardchostas a bhaineann le hoideachas tríú leibhéal a bhaint amach - costais lóistín agus a bheith ag siúl as baile agus gach rud - ag cur bac ar dhaoine dul go dtí oideachas tríú leibhéal? Labhair na finnéithe ar chúrsaí Idirlíne agus leathanbhanda. Dá mbeadh na coláistí sa Stát sásta na cúrsaí atá acu a chur ar fáil trí na scoileanna a bhfuil daoine óga ag déanamh freastal orthu faoi láthair, an mbeadh fonn orthu tabhairt faoi oideachas tríú leibhéal a dhéanamh ar líne? An bhfuil deis ansin? Beidh tuairim ann fá choinne 20 bliain síos an bóthair ach an oibreodh sé anois? Oibríonn sé i dtíortha eile ar nós Ceanada agus Na Stáit Aontaithe. Tá costais ollmhóra ag baint le dul isteach go cathracha ar nós Toronto agus Nua Eabhrac ach bíonn na meánscoileanna ag cur na cúrsaí ar fáil i gcomhar leis na hollscoileanna. Beidh sin ina rud a d'oibreodh i gceantair ar nós Corcaigh, Dún na nGall agus Gaillimh. Bhuel, tá ollscoil ann i nGaillimh ach b'fhéidir go mbeadh siad ag iarraidh freastal a dhéanamh ar ollscoil i mBaile Átha Cliath. An dtiocfadh é sin a dhéanamh?

Cad iad tuairimí na bhfinnéithe ó thaobh poist a chruthú? Maidir leis na jabanna móra atá ag teacht isteach go dtí an tír, an bhfuil go leor fócas ar cheantair tuaithe nó an bhfuil an fócas go huile is go hiomlán ar na bailte móra? Má tá duine ag iarraidh jab a fháil, an gcaithfidh dó a bhaile a fhágáil?

Ó thaobh an brú-----