Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

4:00 pm

Mr. Darragh Lankford:

Mar a dúras níos luaithe, téann daoine thar lear agus tá aithne againn ar fad ar dhaoine a ndeachaigh thar lear a bhí beartaithe acu teacht thar nais. Sochraíonn siad síos, áfach, agus tógann siad a gclainne thar sáile. Tá cúrsaí níos fearr thar lear agus poist le tuarastail níos fearr ná mar atá anseo ann. Déanann siad an cinneadh a gclainne a thógaint ann agus saol a bhunú ann. Anuas air sin, tá tionchar ag ról na teicneolaíochta ar an todhchaí. Bhíodh comharsan béal dorais dom a bhí ag taisteal ar fud na cruinne. Le cúnamh na teicneolaíochta, tá sé in ann videoconferencing a dhéanamh ag baile seachas dul thar lear go dtí an Ind, an tSeapáin agus pé áit eile a rachadh sé. Tá tionchar ag ról na teicneolaíochta ar an eisimirce mar níl gá taisteal mar a bhíodh. Tá an tarna rogha againn anois agus oideachais maith againn. Má tá fonn taistil orainn, d'fhéadfaimis taisteal.