Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

4:00 pm

Mr. Micheál Ó Gríofa:

Thug an coiste deiseanna dúinn anseo inniu. Ní cheapaim go bhfuil aon duine anseo 18 bliain d'aois ach b'fhéidir go bhfuil daoine 16 nó 17 bliain d'aois agus is deis iontach é seo ár dtuairimí a thabhairt don choiste seachas fanacht dhá bhliain eile. Má tá fadhb agamsa inniu, nílim chun fanacht dhá bhliain eile chun mo thuairimí a thabhairt. Is deis iontach é gur féidir linn ár dtuairimí a chur faoi bhráid an choiste inniu.