Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:50 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Dúirt duine éigin acu gur pribhléid dóibh é a bheith anseo. Ní shin atá i gceist cor ar bith ach is pribhléid dúinne siadsan a bheith anseo i ndáiríre píre. Bíonn muid ag go leor cruinnithe comhchoiste agus, le bheith fírinneach, dá mbeadh chuile chur i láthair chomh spleodrach, domhain agus smaointeach leis an gcuid atá déanta acu, bheadh an obair ar bun anseo i bhfad i bhfad níos fearr. Tá ardmholadh ag dul leo agus ní plámás é sin. Tá sé sin dáiríre. Thug siad go leor ábhar machnaimh dúinn ansin ó thaobh na ceisteanna éagsúla ar nós inimirce agus féinmharú.

An rud a bhí do mo bhualadh ansin ná go bhfuil daoine áirid sa tír seo a déarfadh nár ceart vóta a thabhairt do dhaoine óga ar aois a 16 bliain. Bheinn ag rá le daoine atá ar an tuairim sin éist leis an díospóireacht a bhí anseo inniu. Sílim go bhfuil na finnéithe breá ábalta agus léiríonn siad go mbeadh siad breá cumasach le vóta a chaitheamh agus a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi chúrsaí polataíochta. Ba mhaith liom an cheist sin a chur ar ais ar na finnéithe. Céard é a dtuairim ó thaobh an vóta a bheith acu ag 16 bliain?

Luaigh Ms Rachel Lingwood an brú a bhíonn ar dhaltaí ó thaobh scrúduithe agus ó thaobh na hardteiste agus mar sin de. An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe maidir leis an gcóras oideachais, go háirid córas na hardteistiméireachta agus an brú a bhíonn ann ó thaobh na scrúduithe? Ar mhaith leo athruithe a fheiceáil air sin? Ar mhaith leo go mbeadh níos mó meastóireacht leanúnach nó go mbeadh na scrúduithe ar bhealach éagsúil agus mar sin de? An athródh siad an córas dá mbeadh siad ábalta é sin a dhéanamh?

Is daoine óga iad na finnéithe ó cheantair éagsúla. Tá cuid acu gar do bhaile mór. Tá cuid eile acu ar an Eachréidh amuigh faoin tuath. Tá cuid acu gar do bhaile mór agus cuid acu i gceantair tuaithe. Ó thaobh áiseanna do na daoine óga, tá brú mór ar dhaoine óga ó thaobh an fhéinmharaithe, mar a chuala muid, agus ag an scoil agus mar sin de. An bhfuil dóthain áiseanna ar fáil do dhaoine óga? An bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh ó thaobh na n-áiseanna atá ag teastáil le go mbeadh siad in ann saol folláin a chaitheamh? Dá mbeadh breis áiseanna agus breis airgid ar fáil, céard na háiseanna gur mhaith leo?

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as teacht isteach agus as neart ábhar smaointeoireachta a thabhairt dúinn. Ó thaobh an Seanadóir Ó Domhnaill, an creatúr, glacaim leis nach bhfuil sé i bhfad imithe ón meánscoil. Ceapaim go gcaithfidh sé a bheith an-chúramach mar tá ábhar polaiteoirí ag teacht ina dhiaidh a bheidh á chur faoi bhrú agus muid ar fad faoi bhrú sílim