Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 March 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:10 pm

Mr. Conor Ó Gallchóir:

Is mór an pribhléid domsa a bheith ag caint leis an gcoiste, polaiteoirí na tíre, agus mé ag nochtadh mo chuid tuairimí ar an ábhar seo a leanas: "An todhchaí: post in Éirinn nó an bád bán". Tosóidh mise mo chuid cainte le ruball an teidil sin, "an bád bán". Ní inniu ná inné a thosaigh an imirce sa tír seo faraor. Is gné í atá greanta go domhan i gcultúr na tíre. Téann sé ar ais chomh fada le ham Cholmchille, Teitheadh na nIarlaí agus ar aghaidh go dtí an Gorta Mór agus aimsir an Drochshaoil, nuair a d'fhág thar milliún duine an tír seo le dul ar deoraíocht i Meiriceá. Ansin tagann muid isteach go dtí an fichiú haois agus feicimid an gnáth-imirce go Sasana agus go hAlbain suas go dtí an lá atá inniu ann.

Agus muid anseo i dTithe an Oireachtais ar an 7 Márta 2017, tá thar 500,000 Éireannach scaipthe ar fud an domhain ar imirce, iad lonnaithe i bPerth and Brisbane na hAstráile, i gCeanada, i Meiriceá agus le blianta beaga anuas in Abu Dhabi. I gcomhthéacs áitiúil, le linn an ghéarchéim eacnamaíochta, d'fhág 200 duine óg idir Cloch Cheannfhaola, Gaoth Dobhair agus na Rosa ag tabhairt aghadha ar an Astráil in aon seachtain amháin. Tá roinnt cúiseanna leis seo, ar ndóigh. Is í an ghéarchéim eacnamaíochta a chuirtear an milleán is mó ar, ach tá cúiseanna eile chomh maith, cosúil le droch-choinníollacha oibre agus na ciorruithe leanúnacha atá á dhéanamh i roinnt gairmeacha agus tionscail éagsúla. Tóg mar shampla cás na mbanaltraí, cás atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair. Tá ciorruithe leanúnacha á dhéanamh ar an ngairm sin. Cén fáth an mbeadh duine ag mairstin sa tír seo ag marú é nó í féin ar bheagán pá, nuair atá i bhfad níos mó measa ar an obair i leithéidí na hAstráile agus Abu Dhabi agus i bhfad níos mó pá le saothrú?

Is cásanna náisiúnta iad sin, ar ndóigh. Ba mhaith liom díriú ar mo chás fhéin, cás Thír Chonaill agus an iar-thuaisceart agus cás na Gaeltachta. Anuraidh, de réir an daonáirimh d'fhág 6,731 an contae le dul ina gcónaí in áiteanna eile ar fud na tíre seo agus dar ndóigh ar fud an domhain. Ní thiocfadh linn a bheith ina ndiaidh orthu. Bánú na tuaithe atá ann. Ní hiontas ar bith go bhfuil siad ag imeacht. Níl na seirbhísí riachtanacha ann le freastal a dhéanamh orthu ó lá go lá. Inniu sa pháipear, deirtear linn go bhfuil ceithre scór eile d'oifigí poist le druid in gceantracha tuaithe. Nílimid abálta mairstin sna ceantracha seo agus ní hiontas ar bith go bhfuil an t-aos óg ag imeacht. Dár ndóigh, is féidir a rá le blianta beaga anuas go bhfuil neamhaird déanta ag an Rialtas ar Dhún na nGall agus ar cheantracha tuaithe cosúil leis. I mo thuairim féin, tá sé chomh maith acu droichead a thógáil i Leifear agus ar an taobh eile den chontae mar, i súile an Rialtais seo, is oileán í Tír Chonaill.

Maidir leis an todhchaí, cá bhfuil ár dtriall? Is muide anseo i bpríomhchathair na hÉireann i mBaile Átha Cliath inniu, is ábhar dóchais an méid atá le feiceáil againn sa bhfeabhas agus forbairt i roinnt tionscail agus gairmeacha éagsúla, ach níl sin le feiceáil i ngach áit, mo cheantar féin san áireamh. Mar sin, caithfear polasaí a chur i bhfeidhm le teacht ar réiteach ar na fadhbanna fostaíochta seo agus an easpa seirbhísí atá ar fáil, nó beidh an tír seo tréigthe, go háirithe na pobail tuaithe agus pobail na nGaeltachtaí. Tá na baill ina suí ar Chomhchoise na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Muna théitear i ngleic le na fadhbanna seo, cá háit a mbeidh staid na Gaeilge, na Gaeltachta agus go háirithe na n-oileán? B'fhéidir staitistic imirce a bheidh ionamsa agus na daltaí eile anseo sa chéad daonáireamh eile, muid ag leanúint ár sinsir ar an mbád bán ar deoraíocht san Astráil nó in Abu Dhabi.

B'fhéidir nach bhfuil mórán dúile ag an gcoiste i gcuid de na firicí agus na ráitis atá tugtha agam inniu mar gheall ar staid na tíre. Muna bhfuil baill an choiste, cuid acu cíbe, ag iarraidh drochstaid na tíre a admháil, mar a dúirt an scríbhneoir cáiliúil, Seosamh Mac Grianna, rí-éigeas na nGael, "Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh – agus sin an fáth a seachantar í". Tóg uaimse é: ní féidir an cheist seo a sheachaint níos mó nó beidh an tír seo tréigthe go deimhin.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom scéal béaloidis a insint faoi mo cheantar féin. Fada ó shin, thuas againne sa bhaile i gCloch Cheannfhaola, ba ghnách le muintir na háite siúl amach ar chúl na Mucaise, bealach iargúlta, go dtí áit ar a thug siad Droichead na nDeor leis an duine a bhí ag dul ar imirce. Shiúlfadh an duine a bhí ag dul ar imirce an chuid eile den bhealach go Doire Cholmcille nó go Baile Átha Cliath. Is iomaí deor a sileadh ag an droichead céanna sin. Is cinnte go raibh croíthe briste brúite mar go raibh a fhios acu nach bhfeicfeadh siad an duine seo choíche arís. Is samplaí nua-aimseartha den droichead sin atá in aerfoirt agus calafoirt ar fud fad na tíre seo. Is léir go bhfuil an t-uaigneas agus an briseadh croí céanna le feiceáil sna haerfoirt sin gach uile lá.

Impím ar na polaiteoirí a ndícheall a dhéanamh polasaithe a chur i bhfeidhm le dul i ngleic le fadhbanna fostaíochta agus easpa seirbhísí, go háirithe i bpobal tuaithe Gaeltachta, agus gníomh a chur i gcrích ar son pobal tuaithe, pobal Gaeltachta agus pobal iomlán na tíre chun deireadh a chur leis an uaigneas seo.