Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Breathnaíonn sé go bhfuil fadhb faoi leith ag Gaelscoileanna go ginearálta, go mórmhór i soláthar a bhaint amach de bharr na critéir a úsáidtear, is é sin, go gcaithfidh formhór pobail in abhantrach bheith i bhfábhar scoil lán-Ghaeilge. Céard a cheapfadh na finnéithe den smaoineamh déileáil leis an easpa soláthair tríd an tír a bhriseadh síos ina abhantracha scoileanna lán-Ghaeilge agus dóthain soláthair a chur ar fáil i gcuile abhantrach? Mar atá i mBaile Átha Cliath, tá go leor scoileanna lán-Ghaeilge le habhantracha réasúnta bheag. Dá mba rud é nach raibh ach scoil amháin i gContae Liatroma, mar shampla, bheadh abhantrach ollmhór ag an scoil. De réir mar a d'fhásfadh an t-éileamh, d'fhéadfaí an dara scoil a bhunú nó méadú a chur ar an scoil atá ann. Déanfadh measúnú ar éileamh scoileanna lán-Ghaeilge ar an gcaoi sin.

Ní maith le duine ar bith aon duine a choinneáil ó oideachas trí mheán na Gaeilge. Ag deireadh an lae, is é freagra na ceiste seo ná dóthain soláthair a bheith ann do chuile dhuine atá ag éileamh oideachais trí Ghaeilge. Tá mé go hiomlán taobh thiar de seo. Tá garchlann agamsa atá á thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus an-dua caite ag labhairt na Gaeilge leo sa mbaile. Fuair beirt acu, ar a laghad, áit i scoil lán-Ghaeilge. Peaca a bheadh ann muna bhfaigheadh siad é sin. Ag an am céanna, ní maith liomsa daoine a fheiceáil agus oideachas lán-Ghaeilge á cheilt orthu de bharr nach bhfuil dóthain soláthair agus de bharr go bhfuil na rialacha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le dáileadh scoileanna go bunúsach mí-cheart, mí-chuí, mí-chruinn agus in aghaidh na Gaeilge.