Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an cheist a chur an Teachta Ó Muíneacháin faoin ord tosaíochta dóibh siúd atá ag teacht isteach sa Ghaeltacht. Ní bheadh aon ord tosaíochta ann. Baineann muidne go díreach leo siúd atá ag labhairt Gaeilge sa bhaile lena bpáistí. Ní haon dímheas é sin ar aon duine eile atá i gceist. Tá sé iontach go bhfuil suim ag daoine sa Ghaeilge agus go labhraíonn daoine roinnt Gaeilge sa bhaile, ag léiriú suime agus ag cothú spéise, ach bheadh sé an-deacair tabhairt faoi fhoráil a thabharfadh aitheantas dó sin nach mbainfí mí-úsáid as. Mar sin, táimid ag iarraidh a bheith an-chruinn agus an-díreach faoi seo go mbaineann an fhoráil seo leo siúd arb í an Ghaeilge an teanga bhaile atá acu. Dá bharr sin, baineann sé le líon páistí an-bheag. Ní bheifí ag úsáid na forála seo mar chonstaic bhog chun cosc a chur ar dhaoine le teacht isteach sa Ghaelscoil.