Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 17 January 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais
2:10 pm
Ms Siobhán Nic Gaoithín:
Agus muid ag caint ar an ró-éileamh, an taighde agus na figiúirí a bhfuaireamar ná go raibh 1,656 páiste nach bhfuair áit i scoil anuraidh. Tá sé sin le fáil ar shuíomh Gaeloideachas. Mar a deir Colmán Ó Drisceoil, is mar gheall ar an easpa soláthair atá sé seo ag tarlú. B'fhearr linn i bhfad go mbeadh áit ar scoil do achan pháiste atá ag lorg an oideachais trí Ghaeilge. Ní féidir liomsa a shoiléiriú an é go raibh siad ar liosta feithimh roinnt scoileanna áirithe. Beidh an t-eolas sin ar fáil ó Ghaeloideachas féin. Is léir go bhfuil easpa soláthair ann. Labhair an Teachta, mar shampla, faoin mbunscoil agus Gaelscoil i mBaile an Chollaigh. Tá duine de na tuismitheoirí atá inár ngrúpa féin, Cearta Oideachais, le beirt pháiste i mBaile an Chollaigh. Tá sí ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge. Tá áit diúltaithe dá páistí sa Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh. Tá sí anois ag obair sa dtreo is go mbeidh Gaelscoil eile sa cheantar. Is mór an trua é agus tá samplaí de sin le fáil go forleathan ar fud fad na tíre, go háirithe sna ceantracha uirbeacha. Tá an bhallraíocht de Chearta Oideachais den chuid is mó ó Bhaile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh, toisc gurb iad sin na háiteanna ina bhfuil na fadhbanna agus an ró-éileamh ann. Ag dul le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, muna bhfuil an Ghaeilge á labhairt sa bhaile agus muna bhfuil an tacaíocht á thabhairt sna scoileanna, ní éireoidh linn.
Dá mbeadh cur chuige ar nós scéim labhairt na Gaeilge ann ina mbeadh an tríú pháirtí seo neamhspleách ó na scoileanna ag cur ar fáil a leithéid de scéim agus a leithéid de aitheantas, bheadh mórán buntáistí ag baint leis. Bheadh buntáistí ag baint leis don Ghaeilge agus b'fhéidir go n-athródh sé intinn daoine dá mbeadh siad ag déanamh cinneadh ar a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Tá buntáistí eile ag baint leis má tá aitheantas tugtha do dhaoine mar theaghlach nó mar pháiste atá tógtha le Gaeilge. Sílfinnse féin go mbeadh sé mar chur chuige an-mhaith ó thaobh forbartha agus pleanáil teanga de. Chuirfeadh muid ag cur fáilte mhór roimhe.
Tá sé deacair a bheith ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fadhbanna ann taobh istigh, ach go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé ina chúram an-aonarach in amanta. Tá tacaíocht ann agus caithfimid buíochas a ghabháil le na Gaelscoileanna agus an tacaíocht a thugann siad do theaghlaigh agus do na páistí. Táimid buíoch do ghrúpaí ar nós Ghlór na nGael, grúpaí tacaíochta, grúpaí teaghlaigh agus mar sin de atá ann le cuidiú linn agus sinn i mbun tógáil ár gcuid páistí le Gaeilge. Ní féidir leo lán-inniúlacht a bhaint amach muna bhfaigheann siad oideachas trí mheán na Gaeilge. Caithfear é sin a dhearbhú ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal.
Ag dul ar ais go dtí na naíonraí, tháinig sinne le chéile mar gheall ar an mBille iontrála scoile seo. Is ceist í an soláthar naíonraí atá pléite againn ach nach bhfuil aon aontú tagtha againn air go fóill. Mar an gcéanna, bíonn ró-éileamh ar naíonraí freisin. Gan dabht, tá sé seo le plé againn sa ghrúpa. Tá ceist eile ansin. Is cinnte go bhfuil ró-éileamh ar naíonraí agus ba bhreá linn go mbainfidh ár gcuid páistí áiteanna amach ó naíonraí go dtí an meánleibhéal.