Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Maidir leis an gceist ar conas atá ag éirí linn, measaimid go bhfuil ag éirí réasúnta maith linn leis an bhfeachtas. Táimid an-shásta a chloisteáil go bhfuil tacaíocht againn ó Fhianna Fáil. Cé go dtuigimid nach gá gach duine a thabhairt linn, ba mhaith linn go mbeadh tacaíocht chomh fhorleathan agus is féidir ag an gcás. Nílimid ag iarraidh aon duine a chur i gcoinne aon rud nó i gcoinne na Gaeilge. Nílimid ach ag iarraidh cearta a bhaint amach do ghrúpa an-bheag ar fad. Dá mhéad tacaíochta tras-pháirtí a bheadh againn, is mó ba mhaith linn é. Ach, táimid réasúnta sásta leis an bhfreagra agus leis an nglacadh atá faighte againn ó na Teachtaí Dála agus na coistí éagsúla go bhfuilimid tar éis labhairt leo go dtí seo. Tugann an tacaíocht agus an tuiscint atá ag an gCathaoirleach, Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar an iomlán ar an gceist ardú meanman dúinn.

Luaigh an Teachta Ó Cuív go bhfuil fadhb leis an iomarca éilimh. Dár ndóigh, níl fadhb againn leis an iomarca éilimh. Tá fadhb againn leis an easpa soláthair. Níl mé anseo chun labhairt thar cheann Ghaelscoileanna nó thar cheann Gaeloideachas, ach tá a fhios agam go bhfuil comhráití leanúnacha idir Ghaeloideachas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an múnla atá acu le Gaelscoileanna a cheadú a chur ar aghaidh. Bheadh sé go deas dá mbeadh tacaíocht ann mar tá fadhb ann, mar shampla, leis an impleacht a bhaineann leis an gcóras atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann treoir tíreolaíochta leis na hiarratais a nglacann siad leo nuair atá scoil le bunú agus pátrúntacht le socrú, rud a chuireann cosc ar Ghaelscoileanna mar gur bheag ceantair ina mbeadh tromlach den phobal ag lorg Gaelscoile. Mar sin, is deacracht áirithe í sin i mbunú Gaelscoileanna. Bhí sé an-díomách an bhliain seo caite nuair nár éirigh le feachtas le Gaelscoil a bhunú i dtuaisceart na cathrach. Dá bhféadfadh an coiste tacaíocht a thabhairt do Ghaeloideachas maidir leis an ngníomh sin, bheadh sé go hiontach ar fad.