Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh, agus a Theachtaí agus a Sheanadóirí uilig atá i láthair. Táimid thar a bheith buíoch as an deis a fháil teacht anseo os bhur gcomhair agus an cur i láthair seo a dhéanamh.

Is grúpa tuismitheoirí sinne i gCearta Oideachais agus is grúpa deonach sinn. Ní haon eagraíocht sinn ach daoine a tháinig le chéile. Táimid uilig ag tógáil ár bpáistí le Gaeilge, nó b'fhéidir a bhfuil i ndiadh ár gcuid páistí a thógáil le Gaeilge, agus tá buairt orainn mar gheall ar an pholasaí oideachais ligean isteach i scoileanna atá ag teacht tríd Thithe an Oireachtais faoi láthair.

Ba mhór linn bhur gcuid dtacaíochta agus muid ag iarraidh cearta oideachais a chinntiú do pháistí arb í an Ghaeilge á dteanga baile, sa dóigh is go mbainfidh siad litearthacht iomlán agus inniúlacht maith amach sa Ghaeilge, ina dteanga dhúchais agus an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 ag dul tríd Thithe an Oireachtais.

Tháinig sinne le chéile i dtosach in 2011 i ndiaidh don iar-Aire, Ruairí Quinn, an phlécháipéis ar iontráil scoile a fhoilsiú. Chuir muid aighneacht faoi bhráid an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Sóisialach, mar a bhí ann ag an am. Glacadh lenár n-imníthe i dtuarascáil an choiste sin a fhoilsíodh i mí na Bealtaine 2014. Tá mé chun léamh amach an méid a mhol an choiste Oireachtas sin féin. Dúirt sé:

Is gá a chur san áireamh sa reachtaíocht mholta an gá atá le caighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint agus a chinntiú araon nach dtarlaíonn aon leithcheal i dtaca le hiontrálacha.

D'fhéadfadh an reachtaíocht mholta an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur san áireamh trí chuimhneamh ar thosaíocht ard a thabhairt ina bpolasaí iontrála don chéatadán beag páistí scoile ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad (taobh amuigh den Ghaeltacht).

Seo mar a mhol an choiste Oireachtais a bhí ann i 2013, ach níor thógadh na moltaí sin san áireamh nuair a d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Richard Bruton, an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 i mí Iúil na bliana seo caite. Caithfidh sinn a rá go gcuireann sinn fáilte mhór roimh iarrachtaí athchóiriú a dhéanamh ar an bpolasaí iontrála do scoileanna sa dóigh is go mbeidh córas cothrom, comhionann agus ilchultúrtha ar fáil i scoileanna. Táimid inniu ag iarraidh go bhfreastalódh ár bpáistí ar scoileanna i gcuideachta le páistí ón uile chineál cúlra, aicme, creideamh, cultúr agus cumas. Tá Cearta Oideachais buartha, áfacha, go dtiocfadh cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt ina bpolasaí iontrála do pháistí a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh. Dearbhaítear sa taighde idirnáisiúnta i réimse an tsealbhaithe teanga agus na sochtheangeolaíochta go bhfuil an t-oideachas trí mheán na mionteanga thar a bheith tábhachtach do pháistí mionteanga ionas go mbainfidh siad lán-inniúlacht amach sa dá theanga. Is é sin go mbeidh siad chomh cumasach céanna sa Ghaeilge agus atá siad sa Bhéarla nó mar a bheadh siad sa Bhéarla.

Tugann alt 64 den Bhille cumhacht don Aire "rialacháin a dhéanamh chun cuspóirí beartais iontrála a ullmhú agus a fhoilsiú ag scoileanna agus iontráil chun scoile a thabhairt do dhaltaí."Sin go bunúsach an méid atá i gceist leis an Bhille um iontráil scoile. Agus na rialacháin seo á ndéanamh, d'fhéadfadh an tAire sonrú a dhéanamh maidir le "critéir áirithe roghnúcháin a mbeidh cosc ar scoileanna a chur i bhfeidhm i gcásanna a bhfuil róéileamh ann" agus seo í an fhadhb nuair atá líon na dáltaí ag lorg iontráil chun na scoile i bhfad níos mó ná líon áiteanna a chuirtear ar fáil. Sna figiúirí is deireanaí atá againn, tá róéileamh ar 38% de Ghaelscoileanna agus 28% de Ghaelcholáistí. Sé sin 55 amach as 143 bunscoil. Sa bhliain seo caite, 2015-2016, bhí 1,656 nach bhfuair áit i nGaelscoil toisc nach raibh spás ar fáil dóibh.