Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

2:10 pm

Ms Bríd Ní Chonghóile:

Go raibh míle maith a Chathaoirligh. Ba mhaith liom cur in iúl, ar dtús, go mbeidh cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge linn thart ar leathuair tar éis a dó. Go raibh míle maith agaibh as an gcuireadh labhairt libh anseo inniu maidir le Gaillimh le Gaeilge agus stádas dátheangach do Ghaillimh – Príomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020. Is ábhar bróid dúinn i nGaillimh le Gaeilge gur aontaigh comhairleoirí cathrach na Gaillimhe rún i bhfómhar na bliana 2015 le stádas dátheangach a bhronnadh ar an gcathair. Lá mór don Ghaeilge agus do Ghaillimh araon nuair a d’fhógair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Cathair na Gaillimhe mar an chéad chathair in Éirinn le stádas dátheangach oifigiúil Dé Luain, 7 Márta 2016. Bhí an stádas seo ar cheann de na príomhspriocanna ag Gaillimh le Gaeilge agus muid i mbun ár gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

Dearbhú atá sa stádas speisialta seo do thodhchaí na Gaeilge sa chathair agus deimhníonn sé an tábhacht eacnamaíochta agus chultúrtha atá leis an teanga. Tá tionchar leanúnach ag an nGaeltacht ar Chathair na Gaillimhe, ar a féiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch. Téann suíomh na cathrach – gar don Ghaeltacht is mó sa tír – go mór chun a leasa eacnamaíochta freisin. Ní hamháin gur fiú os cionn €136 milliún in aghaidh na bliana an Ghaeilge do chathair agus do chontae na Gaillimhe, ach cuireann sí go mór leis an eispéireas cultúrtha a fhaigheann cuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go gcloiseann siad an teanga agus go bhfeiceann siad muintir na Gaillimhe á húsáid mar chuid dá saol laethúil. Tá an Ghaeilge lárnach freisin i gcothú atmaisféar beo fuinniúil na Gaillimhe agus i gcáil na cathrach mar chathair chultúrtha, agus is cinnte gur chuidigh úsáid fhorleathan na Gaeilge sa chathair le Gaillimh an stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020 a bhaint amach.

Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun a chinntiú go leanfadh an buntáiste mór geilleagrach don chathair a ghabhann leis an nGaeilge. Ó bunaíodh í, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn sa chathair. Tá ag éirí le scéimeanna ar nós Cairde Ghaillimh le Gaeilge agus Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh dul i bhfeidhm ar phobal leathan ar bhealach cairdiúil agus oscailte.

Cuireann muid ina luí ar ghnólachtaí na cathrach, a bhíonn ag fás agus ag méadú i gcónaí, go bhfuil ciall ag baint le húsáid na Gaeilge agus mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin, cuirtear go mór le hinfheictheacht na Gaeilge sa Chathair, agus bíonn tionchar aige seo ar dhea-thoil i leith na teanga.

Cuireann muid seirbhís aistriúcháin agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun cabhrú leis an lucht gnó comharthaíocht, páipéar ceannteidil, biachláir, suímh ghréasáin agus araile atá dhátheangach a sholáthar.

Is ar infheictheacht na teanga a dhíríonn muid ár n-aird go príomha toisc go mbíonn tionchar mór ag timpeallacht dhátheangach fheiceálach, agus toisc gur sprioc insroichte é lenár n-acmhainní teoranta. Ba mhaith liom ag an tráth seo ár mbuíochas a chur in iúl don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta – príomh-mhaoinitheoirí Ghaillimh le Gaeilge – as ucht an mhaoinithe a chuireann siad ar fáil dúinn gach bliain tríd an gCrannchur Náisiúnta.

Is mór an cúnamh dúinn é chun ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe agus, le cúnamh Dé, beidh ardú ag teacht ar an maoiniú sin sna blianta amach romhainn. Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus scéim Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe a chuireann suim fhiúntach airgid ar fáil dúinn gach uile bliain.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag leibhéal maoinithe faoi láthair nach féidir linn titim faoi. Tá deis aonuaire againn sa chúpla bliain seo romhainn, i gcomhthéacs Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020, cabhrú le réimsí breise de shaol na cathrach an dátheangachas a fhorbairt. Chuige sin teastóidh foireann bhreise agus ciallaíonn sé sin méadú substaintiúil ar achmainní Gaillimh le Gaeilge, le tacaíocht airgeadais á fáil againn ó fhoinsí éagsúla. Go deimhin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí méadú substaintiúil ar ár maoiniú le go mbeidh ar ár gcumas freastal ar réimsí eile seachas an réimse gnó agus seirbhísí níos cuimsithí a sholáthar don réimse gnó freisin.

I measc thograí Ghaillimh le Gaeilge, tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Sheol Gaillimh le Gaeilge an gradam seo chun aitheantas a thabhairt do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnóthaí laethúla, agus a chuireann, dá bhrí sin, le cur chun cinn na Gaillimhe mar chathair dhátheangach. In onóir Sheosaimh Uí Ógartaigh, nach maireann, a ainmníodh an gradam. Ba chomhalta bunaidh agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge é. Tá an gradam ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é, agus méadaíonn líon agus éagsúlacht na n-iontrálaithe gach bliain.

Is é an príomhurraitheoir, an Galway Advertiser, le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus urraíocht ó ghnólachtaí áitiúla agus náisiúnta eile, a mhaoiníonn an gradam. Bíonn breis agus €23,000 i gceist leis.

Chun cabhrú le gnólachtaí ullmhú don ghradam, cuireann muid an tseirbhís Gaeilge sa Ghnó ar fáil chun gnólachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shníomh isteach ina ngnó. Déanann muid athbhreithniú ar an ngnó ó thaobh a íomhá de, comharthaíocht, ábhar margaíochta, na meáin shóisialta, ábhar fógraíochta agus araile agus déanann muid scrúdú ar na féidearthachtaí i leith úsáid na Gaeilge. Bíonn foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil le haghaidh comhairle agus aistriúchán a thabhairt, de réir mar is gá.

Tá obair An Choiste Logainmneacha i nGaillimh ar cheann de na héachtaí is infheicthe agus is mó tionchar ó thaobh timpeallacht dhátheangach a chruthú. Bhunaigh Gaillimh le Gaeilge an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun logainmneacha feiliúnacha Gaeilge a chur ar fáil d’fhorbairtí nua tithíochta sa chathair. Cuirtear logainmneacha ar fáil i gcomhthéacs an cheantair áitiúil agus bunaítear ar thraidisiún fairsing agus ar shaibhreas na logainmneacha Gaeilge iad. Sa bhliain 2013, socraíodh téarmaí tagartha an choiste a leathnú chun páirceanna gnó, ionad pobail agus bóithre a ainmniú go dhátheangach nó i nGaeilge amháin de réir mar is cuí.

Cuirtear Gaeilge labhartha chun cinn freisin trí imeachtaí éagsúla gnó ina gcuirtear an pobal gnó in aithne dá chéile, "lón gnó" agus imeachtaí séasúracha ina measc. Tá ról stocaireachta agus abhcóideachta ag Gaillimh le Gaeilge freisin, a chuireann aitheantas agus úsáid na teanga chun cinn i struchtúir chathrach ar nós gníomhaireachtaí turasóireachta, grúpaí gnó, agus araile.

Tá triúr fostaithe go lánaimseartha ag Gaillimh le Gaeilge faoi láthair agus is é an bord, ar a bhfuil deichniúir stiúrthóirí, a leagann amach an polasaí. Tá Gaillimh le Gaeilge cláraithe mar chuideachta theoranta le stádas carthanachta agus dá bhrí sin mar chuideachta nach do bhrabús í.

Chun stádas dátheangach na cathrach a neartú, tá sé tábhachtach na spriocanna seo a leanas a chur i bhfeidhm ar bhealach tomhaiste agus stuama, sna blianta amach romhainn. An leibhéal dátheangachas gníomhach atá in úsáid i gCathair na Gaillimhe a mhéadú agus cúnamh leanúnach cuí a thabhairt don leibhéal ard dátheangachais atá le feiceáil agus a bhfuil cáil ar Ghaillimh dá bharr.

Comhaontú leis na húdaráis turasóireachta chun margaíocht a dhéanamh ar Chathair na Gaillimhe agus í a bhrandáil mar chathair dhátheangach, ag baint úsáid as lógó speisialta a dhearfar chun na críche sin agus as straitéisí brandála ábhartha eile, de réir mar is cuí.

Dearbhú a fháil ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile, go háirithe iad siúd atá cláraithe mar chairde Ghaillimh le Gaeilge, go n-úsáidfidh siad an lógó a dhearfar chun an chathair a bhrandáil mar ‘Gaillimh: an Chathair Dhátheangach’, aon uair is féidir leo, ina gcuid ábhar margaíochta féin.

Tá Gaillimh ainmnithe ag an Aire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta, Teachta Seán Kyne, mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, faoi fhorálacha alt 9 de Acht na Gaeltachta 2012, an t-aon chathair le bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá comhráití ar siúl idir Ghaillimh le Gaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe chun iarratas comhaontaithe a dhéanamh ar Fhoras na Gaeilge chun tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga don chathair.

Ceann de na dúshláin atá ann anois ná féachaint chuige go mbeidh na seirbhísí go léir a lorgaíonn cainteoirí Gaeilge na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge na cathrach le fáil acu go héasca ina dteanga féin. Dá réir sin, i gcomhar le Gaillimh le Gaeilge, tá cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe coiste stiúrtha a bhunú ar a mbeidh ballraíocht ag comhairleoirí, baill foirne den chomhairle, Gaillimh le Gaeilge agus daoine ábhartha eile atá freagrach as eolas a sholáthar don phobal maidir le seachadadh sheirbhísí dátheangacha. Tabharfaidh an coiste tacaíocht ghníomhach do neartú na Gaeilge sa saol cathartha agus cultúrtha agus i ngnó na cathrach.

Beidh a leanas riachtanach freisin: foireann bhreise a earcú chun na spriocanna a eascróidh as an bplean teanga do chathair na Gaillimhe agus a bhaineann go sonrach le hoibreacha Ghaillimh le Gaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go stuama; na limistéir sin atá laistigh de theorainneacha chathair na Gaillimhe nó ar imeall na cathrach agus atá aitheanta mar limistéir oifigiúla Ghaeltachta a ainmniú mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoi fhorálacha alt 7 de Acht na Gaeltachta 2012; pobail eile sa chathair a ainmniú, de réir mar is cuí, mar líonraí Gaeilge faoi fhorálacha alt 11 de Acht na Gaeltachta 2012.

Le cathair na Gaillimhe ag bogadh i dtreo an stádais mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020, is mithid anois Gaillimh a fhorbairt mar lárionad domhanda de chultúr traidisiúnta Ceilteach agus Gaelach. Tarraingeoidh sé sin turasóirí agus beidh tionchar aige ar fhorbairtí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúir sa gcathair. Déanfar an Ghaillimh seo leis an bhféiniúlacht chultúir faoi leith atá aici a mhargú go straitéiseach ar fud an domhain ina measc siúd a bhfuil baint acu le hÉirinn nó leis na Ceiltigh. Beidh acraí taispeána agus léirmhínithe an fhiontair in ionad fisiciúil sa chathair. Tabharfaidh an togra seo aghaidh ar an diaspóra Gaelach ar bhealach a bhfuil brí leis. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na forbartha agus leagfar béim ar chur chun cinn na teanga sa bhforbairt agus fios againn go bhfuil buntáiste mór eacnamaíoch ag Gaillimh as an nGaeilge go dtí seo.

Is féidir le bailte agus cathracha eile mórthimpeall na tíre múnla chathair na Gaillimhe a chur i bhfeidhm ina mbailte agus ina gcathracha féin go cinnte, ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil dóibh. Ní mór buntáiste eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na teanga a shonrú agus a thaispeáint don dream ar mian leo dul i bhfeidhm orthu mar aon le seirbhísí gairmiúla lán-aimseartha a sholáthar dóibh chun cuidiú leo gnó agus timpeallacht dhátheangach a fhorbairt.

Tá súil agam go dtugann an méid seo blaiseadh don choiste ar an obair atá idir lámha againn i nGaillimh, Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Táimid 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus, le cúnamh Dé agus leis an tacaíocht chuí, leanfaidh Gaillimh le Gaeilge ar aghaidh leis an obair chun infheictheacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú agus sochaí atá cothrom agus dátheangach a fhorbairt ar aon dul le beartas dátheangachais an Rialtais féin.