Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 27 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Business of Committee

9:00 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Seanadóir Ó Clochartaigh agus tacaím leis maidir leis seo agus an straitéis um oideachas Gaeltachta le foilsiú amárach. Tá an-taithí agamsa a bheith gan chuirí ón Rialtas seo nó ó Rialtais Fhine Gael agus níl mé ró-bhuartha faoi sin. Ag an am céanna, níl aon dabht ann ach go mbeidh an tAire ag rá amárach go gcuirfear an straitéis seo faoi bhráid an choiste seo. Sa nua-pholaitíocht, ba cheart go mbeadh cuireadh tugtha don choiste. Ní féidir liomsa dul. Beidh sé seo ar siúl i gConamara. Ní féidir liomsa dul go Conamara amárach agus ní bheidh mé ag dul, ach ba cheart go mbeadh ionadaíocht ann ón gcoiste. Measaim go bhfuil dualgas ar an Roinn a rá linn cathain a bhfoilseofar na straitéisí seo. Tá straitéisí eile le teacht maidir le teangacha iasachta agus a leithéid. Caithfidh muide a bheith ar an eolas maidir leo.