Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Chun filleadh ar an Seanadóir Ó Clochartaigh arís, ó thaobh comhlachtaí poiblí, foilsíodh na moltaí a rinneadh mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ag an am gur foilsíodh na cinn Billí. Cuirfidh muid ar aghaidh iad go dtí an coiste agus go dtí an Seanadóir, más mian leis. Foilsíodh iad ag an am. Go bunúsach, 'séard a léirigh siad ná go raibh formhór mór na ndaoine ag iarraidh Acht níos láidre agus Acht a chuaigh i ngleic leis na fadhbanna atá acu. Ba léir nach dtéann na cinn Billí a fhoilsiodh i ngiorracht dó sin ó thaobh an méid a bhí ag teastáil ón bpobal.

Ó thaobh teastais, ainmneacha agus seoltaí agus fóráil a chur isteach san Acht féin, theastódh cruthúnas de shaghas éicint go raibh ainm á úsáid i mBéarla nó i nGaeilge chun feidhm a thabhairt dó sin. Féadfadh breathnú ar Acht na bPasanna agus na critéir atá leagtha síos ann má tá duine ag iarraidh pas i nGaeilge. Caitheadh teastas breithe nó cruthúnas a bheith ann go bhfuil an duine ag úsáid a ainm i nGaeilge le dhá bhliain. Bheadh a leithéid mar sin cabhrach.

Maidir le córas na scéimeanna, an chaoi go mbíonn siad daingnithe, na laigeachtaí atá ann agus an tAire a bhíonn á ndaingniú, is é an córas atá mí-cheart. Is e an córas atá lag. Sin an áit a bhfuil an fhadhb. Tá na cártaí uilig ag an gcomhlacht poiblí. Sin an áit a bhfuil an fhadhb leis an gcóras sin.