Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Díreoidh mé ar cheist Eircode ar dtús os rud é gurb é an chéad cheist a d'iarr an Teachta Ó Muíneachán chomh maith leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tabharfaidh mé cúlra beag don choiste faoi scéal Eircode. Go bunúsach, is éard a tharla ná gur tháinig an líon gearráin is airde maidir le haon ábhar amháin ariamh chuig m'oifig faoin gcóras Eircode agus an chaoi gur dáileadh na postchóid ar dhaoine. Go bunúsach, is éard a tharla ná go raibh daoine go raibh a n-ainmneacha agus seolta i nGaeilge ag fáil na hEircodes seo tríd an bhosca poist le ainm nár aithin siad toisc go raibh sé aistrithe go Béarla agus seoladh nár aithin siad toisc go raibh sé aistrithe mícheart go Béarla. Ghoill sé sin go mór ar dhaoine. Is rudaí an-tábhachtacha iad ainm agus seoladh i gcéannacht an duine. Ba léir go raibh laigí an-mhóra ann ón taobh sin de. Tá bealach amháin gur féidir é sin a sheachaint atá an-shimplí. Bheadh foráil san Acht féin, Acht na dteangacha nua, a cheadódh do dhuine leagan oifigiúil dá ainm agus seoladh a úsáid sa chéad teanga oifigiúil na tíre, an Ghaeilge. Lúb ar lár atá ann faoi láthair nach bhfuil a leithéid ann sa reachtaíocht gur féidir le duine a ainm agus seoladh a úsáid.

Díreoidh mé ar an gceist ón méid atá tarlaithe ó shin. Déantar imscrúdú ar chomhlacht poiblí. Labhair an Seanadóir faoin tríú pháirtí. Sa chás seo, bhí scéim teanga daingnithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil le Roinn na Gaeltachta. Mar chuid de sin, dúirt an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil go n-úsáidfí an logainm Gaeltachta i mbun ghnó oifigiúla. Lean an dualgas sin ar aghaidh go dtí an comhlacht tríú pháirtí de réir an Achta. Bhíomar ag deileáil leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil os rud é gurb é an Roinn sin a tháinig faoi scáth an Achta. Lean an dualgas a bhí ag an Roinn sin leis an scéim teanga ar aghaidh go dtí an comhlacht, Capita sa chás seo, a bhí i mbun an chórais nua Eircode. An rud a tharlaíonn nuair a dhéantar imscrúdú ná go ndéanann muide moltaí. I measc na moltaí ná go gcuirfí é seo ina cheart agus tá próiseas leanúnach ar siúl againn leis an Roinn ó thaobh é seo a chur ina cheart. An fhadhb is mó atá ann dar leosan ná go bhfuil an bunachar sonraí seo ann nach bhfuil críochnúil ó thaobh ainmneacha agus seoltaí daoine a bheith i nGaeilge. Is fiú dom a luadh go rabhamar in ann imscrúdú agus moltaía dhéanamh mar gheall go raibh sárú déanta ar an reachtaíocht ó thaobh logainmneacha Gaeltachta de. Ach, sa chás go raibh duine ina chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht - agus fuaireamar gearráin ó na daoine sin in áiteanna éagsúla - níor sáraíodh aon reachtaíocht dá bharr mar gheall nach raibh aon ghealltanas sa scéim teanga chun logainmneacha taobh amuigh den Ghaeltacht a úsáid. Léiríonn sé sin go soiléir, is dóigh liom, an laige atá sa reachtaíocht inar féidir le comhlacht poiblí litir a sheoladh chun críche oifigiúla an Stáit agus seoladh i mBéarla a chur ann cé nach n-úsáideann an té atá ina chónaí ansin an seoladh i mBéarla riamh.

Ó thaobh Bhille nua agus córas na scéimeanna teanga, cuirim fáilte roimh an oiread spéise atá á thaispeáint ag baill an choiste i laigí an chórais sin. An laige is mó atá ann ná sa chóras féin, seachas le haon duine nó eagraíocht faoi leith. Tá an córas é féin lag. Má chuimhnítear air ar nós cluiche cártaí, tá ná máite uilig i lámha an chomhlachta poiblí seachas ar an taobh eile den bhord. Caithfidh siad aontú, comhaontú agus idirbheartaíocht a dhéanamh. Muna ghlacann an comhlacht poiblí le sin, bíonn an lá leis go minic agus ní dhaingnítear scéim atá fiúntach nó atá ag tabhairt bhreis seirbhísí fiúntacha don saoránach. Bhí sé go maith i dteoiric ag an tús, ach má bhreathnaíonn muid fiú amháin go hidirnáisiúnta, is léir go bhfuil tíortha eile ag imeacht ón gcóras sin anois. Bhí mé ag caint le coimisinéir teanga na Breataine Bige le déanaí agus tá siadsan ag imeacht ó chóras na scéimeanna teanga go dtí córas eile anois ar a dtugtar an córas caighdeáiniú.

Tagann sé sin ar ais go ceist an tSeanadóra Uí Chlochartaigh go leagfaí síos sraith de chaighdeáin go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chomhlíonadh, seachas a bheith ag aontú scéimeanna teanga ina gceann agus ina gceann. Is léir ó na firicí go bhfuil deacrachtaí ann iad a dhaingniú agus go bhfuil go leor comhlachtaí poiblí nach bhfuil aon cheann daingnithe dóibh - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh, dála an scéil. Taobh amuigh de limistéar an iarthair, níl aon scéim teanga daingnithe acu siúd. Níl aon scéim teanga ag rá go bhfuil duine i dteideal teiripeoir cainte i mBaile Átha Cliath má tá duine ag lord teiripeoir cainte le Gaeilge. Níl sé sin luaite i scéim teanga mar níl a leithéid de scéim teanga ann. Má tá laghas fisiteiripe uait nó aon rud mar sin, níl aon scéim teanga ann a dhaingníonn an ceart sin do dhaoine.

Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist ag lorg breis eolais faoin ábhar sin. Dar ndóigh, ní féidir liom teacht trasna ar obair an choiste. Is iad Baill na Tithe atá tofa chun reachtaíocht a dhréachtú agus a aontú. Creidim go láidir sa reachtaíocht. Is scáthán den phobal atá sa reachtaíocht agus is féidir leis ról ceannaireachta a ghlacadh ó thaobh na sochaí sa tír seo le léiriú cén áit a dteastaíonn uainn dul.

Is jab do bhaill an choiste é an reachtaíocht sin. Ó thaobh bhreis eolais a fháil mar a lorg an Seanadóir, tá feidhmeanna faoin Acht trína bhronnadh cumhachtaí orm chun tráchtas a dhéanamh ar fheidhmeanna an Achta. Sa chomhthéacs a luaigh an Seanadóir de chóras na scéimeanna teanga, bheinn toilteanach cinnte tabhairt faoin gcuireadh sin agus breis eolais a thabhairt don choiste ar an gcóras sin.

Bhí ceist ansin faoi chúrsaí earcaíochta. Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh cás chomhairle contae nó cathrach áitiúil agus an lasc ar chúrsaí earcaíochta ansin. Tá fadhb ann, mar a fheictear domsa é. Is féidir féachaint ar shamplaí atá ar fáil go hidirnáisiúnta. I gCeanada, mar shampla, tá rud ar a dtugtar an tairiscint réamh-ghníomhach. Go bunúsach, an rud atá i gceist le sin ná má shiúlann duine isteach in oifig Stáit ar nós chomhairle contae nó Roinn Rialtais nó áit mar sin, tugann an chéad duine a chastar leis an duine ag an deasc fháilte nó áit mar sin an rogha don duine a chuid gnó a dhéanamh i dteangacha oifigiúla na tíre sin. I gcás Cheanada, is é sin Béarla agus Fraincis. Ba cheart go mbeadh a leithéid ann anseo. Ba cheart go gceapadh daoine le Gaeilge go bhfuil fáilte rompu in oifigí Stáit, nach gceapadh said go bhfuil siad ag cur brú ar dhaoine, nach gceapadh siad go bhfuil siad ag cur moill ar na daoine taobh thiar dóibh, nach nárófaí iad nuair nach bhfuil an tseirbhís ar fáil agus nach mbeadh orthu fanacht 20 nóiméad, 30 nóiméad nó uair an chloig go dtí go bhfaigheadh siad duine le Gaeilge le freastal orthu chun seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Is bealach amháin é sin go bhféadfaí a thabhairt faoi. Tagann sé síos go cúrsaí earcaíochta agus níos mó daoine le Gaeilge a chur ag obair i Ranna Rialtais, i rialtais áitiúla agus in eagraíochtaí Stáit ná mar atá ann faoi láthair.

Maidir le na leabharlanna poiblí, mar a dúirt an Seanadóir, tá sé leagtha amach agam i mo ráiteas tosaigh agus i mo chuid cainte. Is bocht an scéal é, seachas a bheith ag caint faoi forbairt a dhéanamh, go bhfuileamar ag caint faoin gcúlú atá ar siúl sna leabharlanna poiblí. Mar Choimisinéir Teanga, is féidir liomsa an t-eolas sin a roinnt leis an gcoiste. Tagann sé ar ais go dtí laigí san Acht féin. An rud suntasach faoi ná nach bhfuil aon dlí á shárú anseo. Níl aon dualgas leagtha síos go soiléir i reachtaíocht na tíre go mbeadh a leithéid ann agus is é sin an áit ina bhfuil an chonstaic sa gcás sin.

Bhí an cheist deireanach ón dTeachta Ó Muíneacháin ag baint leis an Acht reatha agus cén chaoi a bhféadfaí oibriú leis an Acht atá ann faoi láthair. Áit amháin go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar sin ná i sceideal an Achta. Is é sin an áit a leagtar amach na comhlachtaí poiblí ar fad a thagann faoi scáth an Achta. Creid nó ná creid, níor dhéanadh aon uasdátú ar an sceideal sin ó 2006. Ciallaíonn sé sin go ginearálta nach dtagann aon chomhlacht poiblí a bunaíodh ó 2006 faoi scáth an Achta agus nach mbíonn deis againne feidhmiú dá réir. Faigheann muid comhoibriú ó chomhlachtaí poiblí nach dtagann faoin Acht go rialta, ach chuideodh sé cinnte dá mbeadh uasdátú déanta ar an sceideal sin sa chéad dul síos. Ó thaobh an Achta féin, teastaíonn athruithe struchtúrtha uaidh a théann i ngleic go sonrach le córas na scéimeanna teanga, a dhéanann rangú ar chomhlachtaí poiblí, a leagann na dualgais is troime orthu siúd a bhfuil teangmháil acu leis an bpobal agus a dhéanann feidhmiú dá réir ina dhiaidh sin.