Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl a fhios agam an mbaineann sé le na bailte seirbhíse, ach an t-eolas atá agamsa mar gheall ar an earnáil sin ná nach bhfuil aon airgead curtha isteach chun bailte seirbhíse a fhorbairt. Ní baile seirbhíse é Cluain Dolcáin toisc nach bhfuil Gaeltacht in aice leis. B'fhéidir gur scéim eile atá i gceist ansin. An rud atá mé ag rá ná go bhfuil airgead ag dul isteach i cúpla tograí. Tá daoine ag déanamh obair mhaith agus tá dul chun cinn áirithe anseo agus ansiúd. Má bhreathnaítear ar an ollphictiúir, áfach, tá fadhbanna uafásacha ann agus níl an dul chun cinn á dhéanamh.

Mar gheall ar Fhoras na Gaeilge, bhí cúlú airgeadais ann an bhliain seo caite. Bhí cúlú airgeadais i mbuiséid Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge an bhliain seo caite. Chuala mé go bhfuil pinsin á íoc ag an Roinn go dtí gach ball foirne atá ag obair sa Roinn, nó faoin Roinn, ach amháin Foras na Gaeilge. Mar sin, tá an dualgas ar Fhoras na Gaeilge an t-airgead sin a chaitheamh iad féin ar phinsin. Toisc go bhfuil níos mó daoine ag dul tríd an córas, tá an pota airgid sin ag Foras na Gaeilge ag cúlú ó thaobh airgead a úsáid le haghaidh tograí úsáideacha don Ghaeilge. Cad gur féidir linn a dhéanamh faoi sin?