Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá rudaí thuas san aer fós, ach tá sé seo fíor-chasta. Tá na feidhmeannaigh sa Roinn ag déanamh chuile rud a theastaítear chun é seo a shocrú. Tá siad ag déileáil le h-úinéirí Aerfort na Mine faoi láthair. Tá Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit agus Oifig an Ard-Aighne ag coinneáil géarshúil ar an rud seo. Is rud dlíthiúil atá i gceist, cé go bhfuilimid ag déileáil le h-aerfort amháin. Tá an-seans go mbeidh an comhlacht nó úinéirí an aerfoirt ag cur isteach tairiscint freisin don PSO. Sin an fáth go bhfuil rudaí casta. Maidir le cén uair a bheidh sé críochnaithe, táimid ag déileáil leis na húinéirí ar feadh trí mhí go leith ach níl mé in ann a rá cén uair a bheidh sé críochnaithe. Táimid ag déanamh chuile rud a theastaítear chun é a chríochnú.