Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 5 July 2016
Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht
Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
5:00 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá 18 plean déanta - gabh mo leithscéal ach tá an figiúr áit éigin anseo agam - agus sílim go bhfuil 26 plean ar fad le déanamh. Tá an próiseas maidir le hullmhú pleananna teanga tosnaithe go dtí seo in 18 de 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta ar fad. Beidh an próiseas tosaithe san ocht limistéar eile idir seo agus deireadh na bliana. Tá preasráiteas curtha amach agam inniu ag deimhniú go bhfuil ceithre cinn acu san ceadaithe anois agus ceann amháin acu i mo cheantar féin i Maigh Cuilinn. Tá ceithre cinn ceadaithe inniu agus ceithre cinn fágtha fós.