Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

4:00 pm

Mr. Colm Ó Coisdealbha:

Ba mhaith liom cur leis sin. Is dócha go bhfuil se i gceist go ndéanfar sainmhíniú ar céard atá i gceist le "comhlacht poiblí" agus go dtiocfaidh aon eagraíocht a cháilíonn mar chomhlacht poibí faoi bhrí an tsainmhínithe sin faoi scáth na reachtaíochta. Is é sin go hiondúil an córas atá i gceist. B'fhéidir gur cheart dom gné tábhachtach eile den ábhar seo a lua. Tá sé tábhachtach go mbeadh fochuideachtaí de chuid comhlachtaí áirithe curtha san áireamh.