Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

4:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tógfaidh mé an chéad cheist ar dtús, faoin mhéid comhlacht poiblí nach bhfuil clúdaithe. Tá liosta ann agus cuirfidh mé faoi bhráid an choiste é. Measaim go bhfuil thart ar 40 comhlacht i gceist, ach gheobhaidh mé figiúr agus liosta críochnúil agus cuirfidh mé ar aghaidh iad.