Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 October 2015
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht
4:00 pm
Acting Chairman (Deputy Aengus Ó Snodaigh):
Tá cúpla ceist agam féin a bhaineann leis an méid atá ráite ag an gCoimisinéir cheana agus le cuid de na freagraí a thug sé.
I dtuairim an Choimisinéara, cé mhéid comhlachtaí Stáit nó poiblí atá ann nach bhfuil clúdaithe? An bhfuil liosta de na comhlachtaí sin ag an gCoimisinéir? Tuigim go mbíonn an Coimisinéir ag scríobh go rialta chuig daoine a dhéanann gearáin agus ag rá leo nach bhfuil comhlacht faoi leith clúdaithe. Glacaim go bhfuil roinnt eolais aige ar seo mar sin. Le blianta anuas, tá mise ag déanamh iarrachta anseo go dtiocfadh comhlachtaí nua atá á bhunú ag an Stát faoi scáth fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach ní raibh an Rialtas sásta leasú a chur leis an reachtaíocht ná leis an liosta de na comhlachtaí atá clúdaithe ag an reachtaíocht. Conas is féidir sin a athrú ionas go ndéanfaí é sin go huathoibríoch? An dtarlaíonn sin sa Bhreatain Bheag agus an bhfuil gach comhlacht a fhaigheann maoiniú ansin clúdaithe ag an reachtaíocht ansin? Conas is féidir é seo a dhéanamh? Glacaim go bhfuil bealach ann le seo a dhéanamh, ach níl aon eolas agam faoi.
Luaigh an Coimisinéir scéim teanga a bhí aontaithe aige leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe. Is maith an rud é go bhfuil an scéim sin aontaithe, ach an bhfuil soiléiriú déanta ar an ról atá ag an Roinn nó ag an Aire maidir le sin? Anuraidh, bhí an tAire Stáit i bhfeighil na Gaeltachta ag an am, an Teachta McGinley, os ár gcomhair agus dúirt sé nach raibh dualgas air maidir leis na moltaí a bhí i dtuairisc oifigiúil an Choimisinéara ag deireadh na bliana. Dúirt sé nach raibh dualgas air féachaint chuige go gcloífadh comhlacht leo nó go ndéanfaidís gníomh faoi leith dá bharr.
Bhí sé den tuairim go raibh an ról sin ag cloí le ról an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin cinntithe nó soiléirithe ó shin. Má tá, an bhfuil caidreamh níos fearr ann anois? B'fhéidir nach raibh sé go dona roimhe sin. Tá an scéim teanga ann, dar ndóigh, ach bheadh sé sin ag aon Roinn. An bhfuil caidreamh maith idir Oifig an Choimisiéara Teanga agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ionas gur féidir a chinntiú go bhfuil gníomh á dhéanamh de réir na moltaí atá i dtuarascáil bhliantúil an choimisinéara? Cad go díreach a tharlaíonn faoi láthair? An bhfuil aon duine sa Roinn sin atá freagrach as bualadh leis an gcoimisinéir nó glaoch a thógaint uaidh?
Tá ceist amháin eile agam. Cad a tharlaíonn nuair a dhéanann Oifig an Choimisiéara Teanga tuarascáil imscrúdaithe. Luaigh an choimisinéir sa mhéid a dúirt sé go raibh trí tuarascáil den chineál sin le déanamh aige le bliain anuas. Bhain na tuarascálacha leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, le Bus Átha Cliath agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhí tuarascálacha eile ann roimhe seo. Is cuimhin liom an coimisinéir deireanach ag caint faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann agus - arís - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ní cuimhin liom an tríú eagraíocht a bhí i gceist ag an am. Sin é go fóill.