Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 October 2015
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht
4:00 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
Chuir an Teachta ceist orm faoi na gearáin nach dtagann faoi scáth an Achta. Ó 2006, níor dhearnadh aon uasdátú ar an Sceideal. Mar sin, ní thagann aon chomhlacht a tháinig ar an saol ó shin faoi scáth an Achta. Is iad an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Uisce Éireann an dá cheann is mó i measc sin a thagann chun cinn. Fuair muid gearán mar shampla faoi: foirmeacha iarratas; suíomhanna gréasáin; teagmháil a dhéanamh ar chórais teileafóin; agus a leithéid. Bíonn muid ag brath ar deathoil na n-eagraíochtaí sin agus go minic faigheann muid an deathoil sin. Ach i gcásanna eile go minic, mar gheall nach bhfuil dualgas ann, bíonn orainn a rá leis an té atá ag déanamh gearáin nach bhfuil an dualgas sin ar an gcomhlacht poiblí mar ní thagann sé faoi scáth an Achta. Ní maith liomsa, mar Coimisinéir Teanga, mar duine atá ceaptha le cearta teanga an duine a chosaint, a bheith ag rá sin. Ábhar eile a tháinig chun cinn ná ceadúnas tiomána. Níor tháinig an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faoi scáth an Achta agus mar gheall ar sin n raibh an dualgas sin ann. Bhí go leor fadhbanna faoi sin.
Chuir an Teachta ceist chomh maith faoi mhúinteoirí le líofacht Gaeilge agus faoi cén cáilíochtaí ar cheart a bheith ann. Dúirt sé nach bhfuil múinteoirí cáilithe ar aon nós nuair a thagann siad amach ó na coláistí oiliúna. Sin argóint a bhí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Léirigh scrúdú a rinne cigirí na Roinne go raibh fadhbanna móra ann ó thaobh an caighdeán Gaeilge a bhí ag go leor daoine a bhí ag teacht amach ó na coláistí oiliúna. Maidir leis an scoil sa Rinn, i bPort Láirge, bhí sé le rá ag na múinteoirí iad féin a bhí ar an bpainéal nach raibh an Ghaeilge acu, nach raibh a ndóthain Gaeilge acu le múineadh i scoil a bhí ag feidhmiú trí Gaeilge sa Ghaeltacht. Ach fós, rinneadh iarracht iad a bhrú ar an scoil sin agus ní raibh sé sin pioc sásúil.
Chuir an Seanadóir O'Keeffe ceist orm faoin gcéad Sceideal, ó 2006, agus faoi cén fáth nach bhfuil a leithéid tarlaithe go dtí seo. B'fhiú dom a lua, sna ceannteidil a foilsíodh ar an mBille, Bille na dteangacha oifigiúla (leasú), i mí Aibreán anuraidh, tá sé beartaithe go ndéanfaí uasdátú ar an Sceideal agus go dtarlóidh sin go huathoibríoch. Tá sin an-tábhachtach, mar bheadh sé as dáta mí, bliain nó leathbhliain ina dhiaidh sin nuair a thiocfadh comhlacht eile ar an saol arís. Mar sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaí uasdátú uathoibríoch ar an Acht.
Cuireadh ceist freisin faoi na húdaráis áitiúla agus ceist faoi fhógairtí taifeadta béil ar an dteileafóin agus mar nach raibh ach péire as 32 iomlán géilliúil maidir le sin. Tá feabhas tagtha ar an scéal ó shin. Cuireadh ceist orm faoiin scrúdú a rinne muid dúinn féin agus faoi an raibh sé poiblí. Bhí seo istigh sa tuarascáil bhliaintúil, mar cheap muid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine ar an eolas faoi na caighdeáin agus na seirbhísí atáthar á chur ar fáil agus faoi an bhfuil údaráis áitiúla, chomh maith le comhlachtaí poiblí eile, ag comhlíonadh na ndualgas atá orthu. Fuair muid amach nach raibh ach péire as 32 go hiomlán géilliúil, ach tá athrú beag tagtha ar sin ó shin. Anois, tá sé chomairlí contae géilliúil go hiomlán agus céimniú chun feabhais glactha ag 11 de na comhairlí contae, ó 2014, ardú de 37%. Is feabhas é sin.
Nuair a bhíonn mion teanga ann, léiríonn an staidéar go ginearálta go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh an teanga sin feiceálach. Sin an fáth go bhfuil comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil chomh tábhachtach, go gcloisfeadh agus go bhfeicfeadh daoine an Ghaeilge agus go mbeadh sí mar chuid nádúrtha den saol poiblí dóibh agus iad ag déileáil leis an Stát. Is údar díomá é go raibh an leibhéal ghéilliúlachta chomh híseal sin. Ach is maith go bhfuil sé ag feabhsú agus tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh feabhais air i rith na bliana.