Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 October 2015
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht
4:00 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
Freagróidh mise na ceisteanna. Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag tagairt do chóras na scéimeanna teanga agus dearcaithe an Státchórais go ginearálta maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mar a dúirt mé san óráid, caithfear a admháil go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á dhaingniú anois ná mar a bhí le blianta beaga anuas. Tá níos mó ag teacht isteach san oifig seachtain i ndiaidh seachtaine agus bheadh muid ag faire oraibh sin.
An fhadhb a fheicimse leis go ginearálta ná go mbíonn go leor de na gealltanais atá tugtha sna scéimeanna céanna an-choinníollach. Deirtear go minic go mbíonn siad ag brath "ar acmhainní a bheith ar fáil" agus bíonn sé deacair dúinne mar oifig a bhíonn ag faire air seo ó thaobh géilliúlachta de an scéim teanga sin a mhonatóiriú mar gheall air sin. Má deir comhlacht go bhfuil fadhb ann ó thaobh acmhainní agus má tá sé sin daingnithe sa scéim teanga, cruthaíonn sé sin deacrachtaí. Mar shampla, tá ceann ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus deir sé go ndéanfaidh iarracht urlabhraí Gaeilge le húdaráis leordhóthanach a chur ar fáil do agallamh leis na meáin. Tá sé an-deacair dúinne rud mar sin a mheas - céard is "iarracht" ann - seachas fíricí lom faoi líon na gcainteoirí a bheas ann nó líon na seirbhísí atá siad sásta a chur ar fáil a bheith breactha síos go cuimsitheach.
Luadh an córas ó thaobh caighdeáin de. Go bunúsach, séard atá i gceist ansin ná seachas a bheith ag brath ar scéimeanna teanga den chuid is mó, mar is iad na scéimeanna teanga faoi láthair an phríomhuirlis atá ann maidir le dualgais teanga. in áit dualgas díreach a bheith ann maidir le comharthaíocht, stáiseanóireacht, agus fógairtí taifeadta béil. Dá mbeadh córas caighdeáin leagtha síos, mar atá théis tarlú sa mBreatain Bheag, bheadh go leor buntáistí leis sin. Séard a chiallaíonn sé go bunúsach ná go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí - mar shampla, go mbeadh Ranna i gcatagóir amháin, institiúidí tríú leibhéal i gcatagóir eile agus údaráis áitiúla i gcatagóir eile - agus go leagfaí na dualgais ar na catagóirí sin ag brath ar cén chatagóir ina raibh siad agus go leagfaí na dualgais is troime orthu siúd is mó a bhfuil teangmháil acu leis an bpobal. Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann leis sin ná go ndéanann sé an córas i bhfad níos simplí do na comhlachtaí poiblí iad féin agus don saoránach freisin. Go minic faigheann muide glaoch nó ríomhphoist ó shaoránaigh nach mbíonn a fhios acu céard iad na cearta a bhfuil siad i dteideal mar braitheann sé ar céard atá aontaithe sa scéim teanga. Dá mbeadh caighdeán comónta ann do na heagrais seo, chuideodh sé go mór le cúrsaí agus sin ceann de na moltaí a rinne m'oifig maidir leis na ceannteidil ar an mBille.
Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh riachtanais post freisin, go mba cheart go mbeadh poist sainaitheanta ann le Gaeilge agus an gá atá ann dul i dteangmháil leis an Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe faoi seo. Is í sin an Roinn atá i gceannas ó thaobh earcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus mar sin de. Dúradh i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge thiar i 2010 go mbeadh poist á sainaithint as seo amach i scéimeanna teanga. B'in cúig bliana ó shin. Níl sé sin tarlaithe ar aon bhealach córasach agus caighdeánach go dtí seo. Tá sé sin an-soiléir d'éinne a bhreathnaíonn ar scéimeanna teanga. Séard atá ráite ag go leor acu, an Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe ina measc, a bhfuil scéim teanga aontaithe aici le dearnaí, ná go bhféachfaidh siad air sa bhliain amach romhainn maidir le poist a shainaithint agus níl aon phost sainaitheanta ann faoi láthair. Seo cúig bliana anois tar éis é a bheith ráite sa straitéis 20 bliain go raibh a leithéid le cur i bhfeidhm. Is léir go bhfuil fadhb ansin nach bhfuil dóthain daoine le Gaeilge ann chun na seirbhísí a chur ar fáil agus caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb, ach beidh sé an-deacair dul i ngleic léi ar aon bhealach cuimsitheach, córasach, caighdeánach mura bhfuil dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu á n-earcadh. Caithfidh Ranna agus comhlachtaí poiblí a aithint go bhfuil gá lena leithéid.
Cuireadh roint ceisteanna sa Dáil faoi seo le dearnaí freisin. Bhí cuid de na figiúirí do na Ranna an-íseal. Bhí cuid acu ag rá go raibh beirt, triúr nó ceathrar sa Roinn a raibh Gaeilge acu. Bhí Ranna eile níos fearr, ar nós an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ach bhí Ranna eile ina raibh líon na ndaoine le Gaeilge an-íseal. Chomh maith leis sin, nuair a cuireadh an cheist faoin méid daoine a bhí ag teastáil uathu le Gaeilge bhí go leor de na Ranna céanna ag rá nár theastaigh duine ar bith, nó nár theastaigh ach duine nó beirt. Níl sé sin ag teacht leis an méid atá mise á chloisteáil i m'oifig ó dhaoine atá ag glaoch isteach agus daoine atá ag déanamh gearán faoi easpa sheirbhísí trí Ghaeilge.
Luaigh an Seanadóir an t-imscrúdú atá déanta againn maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, atá curtha agam faoi bhráid an chomhchoiste. Ar bhealach, is ceann de na nithe is dáiríre é seo go bhféadfadh aon choimisinéir ná aon ombudsman a bheith ag déileáil leis: ceist oideachais do ghasúir sa nGaeltacht. Is deacair a shamhlú go mbeadh aon rud níos tábhachtaí ná sin. Is léir go bhfuil easaontas idir m'oifig agus an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi seo. Rinne muid imscrúdú. Frítheadh go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag sárú an Acht Oideachais faoi seo, go ndearnadh iarracht múinteoir gan a ndóthain Gaeilge a bhrú ar scoil sa nGaeltacht a bhí ag teagasc trí Ghaeilge.
Ag tagairt don cheist a cuireadh ar ball, ceann de na hargóintí a bhí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ná go bhfuil chuile mhúinteoir cáilithe le múineadh trí Ghaeilge tar éis dóibh imeacht ón gcoláiste oiliúna, in ainneoin thuarascáil chigirí na Roinne, a bhí ag tabhairt le fios go raibh fadhbanna móra ann ina leith seo. Is rud uafásach tábhachtach é seo agus ar bhealach caithfidh mé é a fhágáil faoin gcomhchoiste anois féachaint céard ar mhaith leis a dhéanamh faoi, ach tá mo chuid dualgas comhlíonta agam. Mhol mé go gcaithfeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna a chinntiú nach dtarlódh an rud céanna arís agus níl mé sásta go bhfuil na moltaí sin san imscrúdú curtha i bhfeidhm in a iomláine agus an dualgas atá orm anois mar Choimisinéir Teanga é sin a leagaint faoi bhráid an chomhchoiste. Is faoi na comhaltaí atá sé anois déileáil leis an gceist sin.
Luadh chomh maith Eircode agus dúirt mé san óráid go bhfuil cuing áirithe ag baint leis sin. Ó thosaigh mise sa bpost, níor tháinig aon líon gearán gar don mhéid gearán a fuair muid faoin gceist seo. Bhí olc dubh ar dhaoine. Bhí daoine an-churtha amach faoi, go raibh leaganacha dá n-ainmneacha nár aithin siad ar chor ar bith ó saolaíodh iad in aon cháipéis Stáit a bhí acu riamh á n-úsáid chun na Eircodes seo a chur chucu. Fuair muid os cionn 60 gearán maidir leis an ábhar agus is mór an mhéid é sin don oifig. Bhain siad le trí ábhar faoi leith: ainmneacha a bheith aistrithe do Bhéarla cé nár úsáideadh an leagan Bhéarla riamh, seoltaí a bheith aistrithe go Bhéarla sa nGaeltacht agus seoltaí a bheith aistrithe taobh amuigh den Ghaeltacht.
Ceann de na ceannteidil ar an mBille ná go mbeadh dualgais reachtúil ann go mbeadh cead ag duine leagan Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid. Níl a leithéid ann i reachtaíocht teanga na tíre faoi láthair. Mar gheall air sin, tá cuing ann ó thaobh cé mhéad gur féidir a fhiosrú, ach ó chuir an Seanadóir an cheist, ba chóir a rá go bhfuil imscrúdú foirmiúil tionscanta agam anois leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha mar gheall air seo. Níl aon réamhbhreithiúnas á thabhairt, ach feictear dom go bhfuil cás le freagairt agus feicfimid céard a thiocfaidh as. Tá gealltanas áirithe sa scéim teanga de chuid na Roinne, mar shampla, ó thaobh logainmneacha sa nGaeltacht agus feidhmeoimid dá réir sin agus tiocfaimid ar thoradh ar an imscrúdú sin in am tráth.
Luadh chomh maith ceist na bpointí pianóis. Is ceist í seo a ghoill go mór ar dhaoine ar chuile thaobh den argóint faoi ól agus tiomáint agus ar chuile thaobh den argóint faoin nGaeilge.
Ghoill sé ar lucht labhartha na Gaeilge gur mheas siad go raibh an Ghaeilge á úsáid, ar bhealach, mar bhata anseo. Bhí go leor scríobhtha sna meáin faoi seo agus b'fhiú cúpla rud a chur ar an dtaifead faoi seo. Ar an gcéad dul síos, níor bhain sé seo, beag ná mór, le Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhain sé leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre. Ní chúisítear nó ní chinntítear éinne mar gheall ar eolas tiomána faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tarlaíonn seo faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre.
An dara rud ná ní lúb ar lár atá anseo, ná baol ar sin. An rud atá ann ná go raibh dualgas soiléir leagtha síos i reachtaíocht na tíre go gcuirfí leagan Béarla agus leagan Gaeilge den taifead a bhí ag teacht ón meaisín ar fáil ach mar gheall ar fhadhb riaracháin, ní raibh sé seo ag tarlú. Níl an locht ar an nGaeilge mar gheall ar sin ná níl an locht ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an locht ar an gcóras, ar an Stát. Bhí dualgas soiléir leagtha síos, ach níor cuireadh i bhfeidhm é. Is é atá ag tarlú anois ná go bhfuil rialachán nua tagtha isteach, ag rá go mbeidh sé ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla. De réir mo thuiscint chomh maith, tá cead achomharc a lorg i gcoinne cinnidh na hArd Cúirte.
Sin ráite, go ginearálta, feictear dom go mbíonn sé níos fearr nuair a chuirtear cáipéisí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla - gur fearr a chuidíonn sé sin. Tóg mar shampla an Roinn Coimirce Sóisialaí le hUisce Éireann faoi láthair, ag cur amach na litreacha faoin deontas €100. Tá an Ghaeilge ar taobh amháin agus an Béarla ar an dtaobh eile agus níl aon argóint nó cheist faoi mar tá sé ar fáil sa dá theanga. Anois, deirtear linn maidir leis an meaisín seo ó thaobh eolas tiomána, go mbeidh sé ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla. An rud atá tábhachtach anseo ná go leanfadh muid treoir atá i bhfeidhm go mór, i gCeanada mar shampla, go ndéanfaí an tairiscint réamhgníomhach - go ndeirfear leis an duine atá ag fáil an taifid seo, "Ar mhaith leat é i nGaeilge nó ar mhaith leat é i mBéarla?" Más é go bhfuil siad chun é a fháil i mBéarla agus má chuimhníonn siad air nó má chuimhníonn an té atá á chur ar fáil, ba cheart go dtabharfaí an rogha dóibh. Ba cheart go mbeadh sé leagtha síos go dtabharfaí an rogha sin dóibh.
Tá trí bliana caite anois ó chuaigh scéim teanga an Gharda Síochána in éag agus níl ceann nua daingnithe go fóill. Ceann de na moltaí a bheadh agam ná go bhféadfaí foráil a chur isteach sa scéim teanga - go ndéanfaí an tairiscint réamhgníomhach seo. Is dóigh liom go bhfuil ceisteanna an Seanadóra clúdaithe agam.