Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 October 2015
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht
4:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirimid tús leis an seisiún seo den Joint Sub-Committee on the Ombudsman. Cuirim fíor-fháilte roimh an gCoimisinéir Teanga, Mr. Rónán Ó Domhnaill, agus Mr. Colm Ó Coisdealbha, stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá súil agam go mbeidh siad anseo go bliantúil amach anseo chun plé a dhéanamh ar an méid atá sa tuarscáil bhliantúil acu agus freagra a thabhairt ar aon cheisteanna a bhíonn ag comhaltaí. Tá deis anois ag an gcoimisinéir cúpla focal a rá mar sheoladh.